Focail chosúla :

salaigh

 cmu
verbbriathar (pr. láith. salaíonn; fut. ; fáist. salóidh; past ; caite shalaigh; cond. ; coinn. shalódh; vb.n. ; ainm br. salú) 1. Má shalaíonn tú rud éigin, déanann tú salach é.transitiveaistreach shalaigh sé a chuid éadaí bhí a lámha salaithe le hola 2. Má shalaíonn tú duine nó rud, déanann tú uirísliú orthu nó déanann tú díobháil dóibh sa chaoi nach mbeidh an oiread céanna measa orthu níos mó.transitiveaistreach ainm nó clú duine a shalú 3. Má shalaíonn duine nó ainmhí rud nó áit, déanann siad a gcac air nó ann, sa chaoi go bhfuil an rud nó an áit salach lena gcac. transitiveaistreach shalaigh an leanbh é féin shalaigh an gadhar ar an urlár 4. meteorologymeitéareolaíochtMá shalaíonn an aimsir, éiríonn an aimsir fliuch agus gaofar, nó níos fliche agus níos gaofaire fós.intransitiveneamhaistreach shalaigh an aimsir
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...