Focail chosúla :

1 cmu
Personal pronoun, 3rd person singular masculineForainm pearsanta, 3ú pearsa uatha firinscneach 1. Úsáidtear chun tagairt d'fhear nó do bhuachaill ar leith mar ainmní gnáthbhriathair. tá sé gnóthach ní thiocfaidh sé ar ais ar thit sé ina chodladh? 2. Úsáidtear chun tagairt d'ainmhí fireann ar leith mar ainmní gnáthbhriathair. bhí sé ag iníor 3. Úsáidtear chun tagairt d'ainmfhocal firinscneach ar leith mar ainmní gnáthbhriathair. lúb an camán ach níor bhris sé bhí an siopa an-ghnóthach nuair a d'oscail sé ith do dhinnéar nuair atá sé te 4. Úsáidtear chun tagairt do chás, comhthéacs nó coincheap ginearálta mar ainmní gnáthbhriathair nuair a thuigeann an t-éisteoir nó an léitheoir cad atá i gceist. bíonn sé deacair in amanna níl sé chomh simplí sin dá mbeadh sé chomh héasca sin dhealraigh sé go n-éireodh leo 5. Úsáidtear chun tagairt don aimsir nó do dhálaí aimsire ar leith mar ainmní gnáthbhriathair. tá sé fuar inniu bhí sé gaofar tá sé geal go fóill d'éirigh sé an-dorcha tá sé ag cur báistí arís thosaigh sé ag cur sneachta 6. Úsáidtear chun tagairt don am nó do phointe ama ar leith mar ainmní gnáthbhriathair. tá sé fiche i ndiaidh a dó níl sé ach a deich ar maidin ansin tá sé róluath ar maidin níl sé ródhéanach fós tá sé in am againn filleadh níl sé ach seachtain ó ...

2 cmu
cardinal numberbunuimhir 1. Úsáidtear an bhunuimhir roimh ainmfhocal nuair a bhíonn 6 rud i gceist. le hainmfhocal san uatha de ghnáth sé chathaoir i sé áit tá sé chuid ann tá siad sé cm ar fad chosain siad sé nó seacht ndollar sé bhosca trom / sé bhosca throma formalfoirmeálta sé mhí ghnóthach / sé mhí ghnóthacha formalfoirmeálta freagair na sé cheist údair na sé dhráma na sé úll dearg / na sé úll dhearga formalfoirmeálta na sé oíche fhuar / na sé oíche fhuara formalfoirmeálta le hainmfhocail ar leith a bhíonn san iolra leis na bunuimhreacha 3-10 agus 13-19 sé huaire sé bliana d'aois na sé seachtaine gnóthacha meáchan na sé cinn bheaga i ndátaí i sé chéad a trí déag i bhfrásaí cáilitheacha siúlóid sé chiliméadar sraith sé chuid suim sé fhigiúr léas sé bliana 2. Úsáidtear an bhunuimhir roimh ainmfhocal nuair a bhíonn 6 dhuine i gceist. le hainmfhocal san uatha tá sé phrintíseach acu na sé reathaí atá fágtha i bhfrásaí cáilitheacha scoil sé mhúinteoir number wordmaoluimhir 3. Úsáidtear an mhaoluimhir léi féin nuair a bhíonn an uimhir 6 i gceist i bhfigiúirí áirithe, msh sa chomhaireamh, i ndátaí agus in aois daoine. sa chomhaireamh, i bhfigiúirí sé faoin gcéad comhaireamh i séanna chosain siad sé nó seacht de dhollair i ndátaí i sé fiche a haon sa bhliain sé seasca a dó in aois daoine an fhoireann faoi shé masculine noun, 4th declensionainmfhocal firinscneach, 4ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. ; nom.pl. ; a.i. séanna; gen.pl. ; g.i. séanna) 4. Úsáidtear mar ainmfhocal chun tagairt d'fhigiúr 6 ar leith in uimhir. tá an sé ar iarraidh cá mhéad sé atá ann? tá náid i ndiaidh an sé 5. gamescluichíÚsáidtear mar ainmfhocal chun tagairt do scór nó do chárta ar leith a bhfuil luach 6 leo i gcluiche, comórtas, srl. tá dhá shé aige an sé muileata tá sé dúbailte ag teastáil uaithi SubformsSainfhoirmeacha → a sé→ a Sé→ sé- PhrasesNathanna sé cinn Úsáidtear sé cinn chun tagairt do ghrúpa nó do sciar de rudaí ar leith nuair is 6 rud san iomlán a bhíonn sa ghrúpa nó sa sciar sin. tá sé cinn fágtha sa bhosca na sé cinn atá ordaithe sé cinn de ríomhairí glúine bhris sé cinn acu / bhris sé cinn díobh
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...