righneas
cmu (gen.sg. g.u. righnis) 1. An tréith a bhaineann le substaint nó le rud atá crua agus nach féidir a lúbadh, a shíneadh, nó a chasadh go héasca 2. medicineleigheasAn cháilíocht a bhaineann le cnámha nó le hailt nuair nach féidir iad a bhogadh go héasca righneas sa mhuineál 3. An staid a bhaineann le do chorp nuair a bhíonn do mhatáin teann seachas scaoilte bhraith sí an righneas ag imeacht óna colainn ar fad 4. An tréith a bhaineann le duine atá láidir crua agus atá in ann deacrachtaí a fhulaingt 5. An cháilíocht a bhaineann le bia, msh feoil, atá deacair a ghearradh agus a chogaint 6. An tréith a bhaineann le duine a bhíonn an-diongbháilte de go ndéanfaidh siad mar is mian leo, a dhiúltaíonn a n-intinn a athrú, agus a dhiúltaíonn d'áitiú rud éigin eile a dhéanamh 7. An cháilíocht a bhaineann le dlíthe, rialacha nó córais atá docht agus nach féidir a athrú, agus a meastar go bhfuil siad an-dian dá réir sin Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...