rún
cmu (gen.sg. g.u. rúin; nom.pl. ; a.i. rúin; gen.pl. ; g.i. rún) 1. Rud nach bhfuil ar eolas ach ag roinnt bheag daoine agus nach n-insítear d'aon duine eile nó a cheiltear orthu d'aon turas rún a choinneáil / rún a choimeád rún a scaoileadh / rún a nochtadh / rún a sceitheadh / rún a fhoilsiú rún a ligean le duine tá fios an rúin agam faoi rún rud a choinneáil faoi rún / rud a choimeád faoi rún genitive singular as a modifierginideach uatha mar cháilitheoirrúin leannán rúin 2. Rud atá ar intinn agat a dhéanamh nó cuspóir a chuireann tú romhat. Mar shampla, má tá rún agat labhairt le duine, tá sé i gceist agat labhairt leis an duine sin. ba léir cén rún a bhí acu tá sé á dhéanamh le dea-rún tá rún daingean aici é a dhéanamh 3. lawdlíSa dlí, an toil nó an aidhm a bhíonn ag duine agus gníomh á dhéanamh acu. Mar shampla, má bhí rún ag duine coir a dhéanamh, bhí sé i gceist ag an duine sin an choir a dhéanamh roimh ré agus rinne siad d'aon turas é, rud a fhágann go bhfuil siad ciontach sa choir féin de réir an dlí. níor cruthaíodh aon rún sa chás coiriúil seo go fóill 4. Is téarma ceana é rún a thugann tú ar dhuine a bhfuil grá agat dóibh. Mar shampla, d'fhéadfá 'a rún' nó 'a rún mo chroí' a rá le do leannán. seo, a rún is í rún mo chroí í / is í rún mo chléibh í 5. ++ politicspolaitíocht, business administrationgnó & riarachánRáiteas, ceist, moladh nó tuairim a chuirtear i láthair le linn cruinnithe, díospóireachta nó trialach, a ndéantar plé orthu ar dtús, a gcaitear vóta ar a son nó ina gcoinne ina dhiaidh sin agus a ndéantar cinneadh ina dtaobh sa deireadh rún mímhuiníne ritheadh an rún tá mise ar son an rúin Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...