Focail chosúla :

preab

 cmu
verbbriathar (pr. láith. preabann; fut. ; fáist. preabfaidh; past ; caite phreab; cond. ; coinn. phreabfadh; vb.n. ; ainm br. preabadh) 1. Má phreabann rud ar nós liathróide, nó má phreabann tú é, gluaiseann sé aníos ó dhromchla nó ar shiúl ó dhromchla i ndiaidh dó bualadh ina aghaidh.transitiveaistreach liathróid a phreabadhintransitiveneamhaistreach phreab sé den chuaille phreab an liathróid ar ais den trasnán 2. Má tá do chroí ag preabadh, tá sé ag bualadh le rithim atá níos gasta ná mar is gnách, mar go bhfuil eagla nó imní ort de ghnáth.intransitiveneamhaistreach bhí mo chroí ag preabadh i mo chliabh 3. Má phreabann solas nó lasair, lonraíonn sé go stadach agus go mírialta.intransitiveneamhaistreach tá an tine ag preabadh 4. Má phreabann tú, bogann tú i dtreo ar leith go gasta agus go tobann.intransitiveneamhaistreach phreab sí in airde phreab a chorp siar 5. Má phreabann tú, léimeann tú chun bogadh chun cinn, ar gcúl, srl.intransitiveneamhaistreach bhí sí ag preabadh timpeall an stáitse preabadh ar leathchos 6. Nuair a phreabann éin agus ainmhithe beaga eile, léimeann siad ar dhá chos chun bogadh chun cinn, ar gcúl, srl.intransitiveneamhaistreach ní phreabann buafa de ghnáth 7. Má phreabann rud éigin, déanann sé torann gearr géar.intransitiveneamhaistreach bhí na coirc ag preabadh ag uair an mheán oíche 8. Má phreabann ball de do chorp, mothaíonn tú sraith buillí láidre ansin, a bhíonn pianmhar de ghnáth.intransitiveneamhaistreach bhí mo chos ag preabadh leis an bpian 9. Má phreabann gunna, léimeann sé siar go tobann agus go láidir i ndiaidh do dhuine é a scaoileadh.intransitiveneamhaistreach phreab an gunna siar i mo lámh feminine noun, 2nd declensionainmfhocal baininscneach, 2ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. preibe; nom.pl. ; a.i. preaba; gen.pl. ; g.i. preab) 10. An gníomh nó cás ina ngluaiseann rud ar nós liathróide aníos ó dhromchla nó ar shiúl ó dhromchla i ndiaidh dó bualadh ina aghaidh níl ach preab amháin ceadaithe 11. Mothú tobann mhíthaitneamhach mar gur chuir rud éigin olc, imní nó ionadh ort bhain sé preab aisti 12. Léim bheag éadrom preab chun tosaigh 13. Gluaiseacht bheag thobann a dhéanann rud, go háirithe ball de do chorp dhírigh sí de phreab
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...