Focail chosúla :

pléasc

 cmu
verbbriathar (pr. láith. pléascann; fut. ; fáist. pléascfaidh; past ; caite phléasc; cond. ; coinn. phléascfadh; vb.n. ; ainm br. pléascadh) 1. Má phléascann balún srl nó má phléascann tú balún srl, polltar é nó scoilteann sé as a chéile go tobann torannach agus scaoiltear aer, gás nó leacht atá faoi bhrú ann amach as.intransitiveneamhaistreach phléasc bonn an rotha deiridh phléasc bonn faoin leoraítransitiveaistreach phléasc sé na balúin ar fad boilgeoga a phléascadh 2. ++ militarymíleataMá phléascann buama srl nó má phléascann tú buama srl, réabann sé as a chéile go tobann torannach le neart ollmhór agus astaítear teas, solas agus tonn turrainge.intransitiveneamhaistreach mianaigh nár phléasctransitiveaistreach phléasc siad buama 3. Má phléascann umar nó dabhach, réabann sé as a chéile go tobann torannach mar thoradh ar imoibriú a tharlaíonn taobh istigh de.intransitiveneamhaistreach phléasc an coire phléasc an t-eitleán ina smidiríní 4. Má phléascann oibrithe carraig, úsáideann siad pléascáin chun poll a chur sa charraig nó í a bhriseadh as a chéile, msh chun gur féidir tollán nó bóthar a thógáil.transitiveaistreach ag pléascadh carraigeachaintransitiveneamhaistreach cloisim iad ag pléascadh thíos ag an gcairéal 5. Má phléascann rud éigin, déanann sé tuairt ghairid ar nós gunna á scaoileadh.intransitiveneamhaistreach 6. Má phléascann rud éigin, déanann sé smeach ar nós grán á róstadh, oighear á scoilteadh, srl.intransitiveneamhaistreach múch an teas nuair a thosaíonn na síolta ag pléascadh chuala sí an leac oighir ag pléascadh feminine noun, 2nd declensionainmfhocal baininscneach, 2ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. pléisce; nom.pl. ; a.i. pléascanna; gen.pl. ; g.i. pléascanna) 7. especiallygo háirithe militarymíleataBrúchtadh fuinnimh a tharlaíonn go tobann torannach mar thoradh ar imoibriú de shórt éigin, go háirithe ceann a réabann rud éigin as a chéile, buama mar shampla 8. Tuairt ghairid ar nós gunna á scaoileadh lig sé pléasc as chualamar pléasc ollmhór 9. Smeach ar nós grán á róstadh, oighear á scoilteadh, srl tá timpeall dhá shoicind idir gach pléasc bhain sé pléasc as an bhfuip 10. An fhuaim a dhéanann gloine á briseadh go tobann ina smidiríní pléasc ghloine PhrasesNathanna ag pléascadh Má tá rud éigin ag pléascadh, tá an-bhrú taobh istigh de nó tá sé an-lán ar fad, msh mála atá ag bolgadh amach. pléasc a bhualadh ar dhuine Má bhuaileann tú pléasc ar dhuine éigin, tugann tú buille láidir dóibh, go háirithe buille a dhéanann torann.
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...