plúch
cmu (pr. láith. plúchann; fut. ; fáist. plúchfaidh; past ; caite phlúch; cond. ; coinn. phlúchfadh; vb.n. ; ainm br. plúchadh) 1. Má phlúchtar duine éigin, básaíonn siad de bharr easpa aeir nó bac ar an bpasáiste aeir.transitiveaistreach duine a phlúchadh 2. Má deir tú go bhfuil tú do do phlúchadh, tá tú ag rá go bhfuil tú an-mhíchompordach mar nach bhfuil dóthain aeir agat.transitiveaistreach táimid dár bplúchadh istigh anseo bhí an toit á phlúchadh 3. Má deir tú go bhfuil an cás ina bhfuil tú do do phlúchadh, tá tú ag rá go bhfuil sé ag cur cosc ort nó ag cur isteach ar aon dul chun cinn is féidir leat a dhéanamh.transitiveaistreach bhí an saol ansiúd do mo phlúchadh 4. Má phlúchtar rud éigin, cuirtear bac ar fhorbairt nó ar dhul chun cinn an ruda sin.transitiveaistreach plúchann sé an iomaíocht 5. Má phlúchtar áit, éiríonn an áit an-ghnóthach nó plódaithe agus ní féidir bogadh go héasca ann.transitiveaistreach bhí an tsráid plúchta le trácht 6. Má phlúchtar thú le rud éigin, bíonn an oiread sin den rud sin ann nach féidir leat déileáil leis ar fad.transitiveaistreach plúchfar iad leis an méid sin oibre plúchadh muid le hiarratais 7. Má phlúchann rud éigin áit éigin, clúdaíonn sé nó folaíonn sé an áit sin go hiomlán.transitiveaistreach phlúch an sneachta é phlúch tine an teach 8. Má phlúchtar fuaim, maolaítear nó coisctear an fhuaim sin trí rud éigin a chlúdach.transitiveaistreach 9. Má phlúchtar fuaim áirithe le torann a tharlaíonn ag an am céanna, ní féidir an fhuaim sin a aithint mar go bhfuil an torann ann.transitiveaistreach Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...