Focail chosúla :

pioc

 cmu
verbbriathar (pr. láith. piocann; fut. ; fáist. piocfaidh; past ; caite phioc; cond. ; coinn. phiocfadh; vb.n. ; ainm br. piocadh) 1. Má phiocann tú duine nó rud ar leith, roghnaíonn tú an duine nó an rud sin.transitiveaistreach pioc dath ise a phiocann an fhoireannintransitiveneamhaistreach iadsan a phioc ar dtús 2. Má phiocann tú do shrón nó d'fhiacla, mar shampla, úsáideann tú do mhéara chun substaintí atá taobh istigh de do shrón nó idir na fiacla a bhaint astu.transitiveaistreach gearb a phiocadh stad ag piocadh do shróine 3. Má phiocann tú toradh, bláth, ribe gruaige, srl, beireann tú greim orthu le do mhéara agus tarraingíonn tú iad chun iad a bhaint den áit a bhfuil siad ag fás.transitiveaistreach bláthanna a phiocadh prátaí a phiocadh do mhalaí a phiocadh 4. musicceolMá phiocann tú giotár nó uirlis cheoil eile, tarraingíonn tú na téada le do mhéara agus ansin ligeann tú leo chun fuaim a dhéanamh.transitiveaistreach 5. ornithologyéaneolaíochtNuair a phiocann éin a gcuid cleití, glanann siad iad agus cóiríonn siad go slachtmhar iad lena ngob.transitiveaistreach bhí na héin á bpiocadh agus á gcíoradh féin 6. cookingcócaireachtMá phiocann tú cleití sicín nó éan marbh eile, baineann tú na cleití díobh chun iad a ullmhú don chócaireacht.transitiveaistreach 7. Má phiocann duine glas, osclaíonn siad é gan eochair, msh trí phíosa sreinge a úsáid.transitiveaistreach glas a phiocadh 8. Nuair a bhíonn ainmhithe ag piocadh, bíonn siad ag ithe plandaí.intransitiveneamhaistreach Phrasal VerbsBriathra Frásacha→ pioc amach→ pioc suas→ pioc ar
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...