Focail chosúla :

oscail

 cmu
verbbriathar (pr. láith. osclaíonn; fut. ; fáist. osclóidh; past ; caite d'oscail; cond. ; coinn. d'osclódh; vb.n. ; ainm br. oscailt) 1. Má osclaíonn tú rud éigin atá ag clúdach poill nó bearna, msh doras, fuinneog nó an clár ar bhuidéal, srl, athraíonn tú suíomh an ruda sin sa chaoi nach mbíonn sé ag clúdach an phoill nó na bearna a thuilleadh.transitiveaistreach oscail an doras! níl mé in ann clár an phróca a oscailtintransitiveneamhaistreach osclaíonn an geata go huathoibríoch 2. Má osclaíonn tú rud éigin a bhfuil páirteanna de buailte ar a chéile chun iad a choinneáil dúnta, msh do bhéal, do shúile, cuirtíní, srl, scarann tú óna chéile na páirteanna díobh atá buailte ar a chéile chun spás a fhágáil eatarthu.transitiveaistreach oscail na cuirtíní sin d'oscail sí súil amháin nuair a d'oscail sé a lámhintransitiveneamhaistreach d'oscail a shúile go mall d'oscail na cuirtíní beagán 3. Má osclaíonn tú rud éigin atá dúnta nó ceangailte le chéile, msh do bhróga nó beart, nó má osclaíonn tú an rud atá á choinneáil, scaoileann tú nó baineann tú an rud sin atá á choinneáil.transitiveaistreach d'oscail mé an pacáiste oscail do sheaicéad má tá tú róthe d'oscail sé cúpla cnaipe 4. Má osclaíonn tú rud éigin atá fillte nó craptha le chéile, leathnaíonn tú amach é agus éiríonn sé cothrom.transitiveaistreach oscail an leabhar ag leathanach ar bith d'oscail sé an mapa amachintransitiveneamhaistreach nuair a osclaíonn na bláthanna 5. Nuair a osclaíonn ionad ar nós siopa, oifige nó foirgneamh poiblí, baintear an glas de na doirse agus ligtear don phobal dul isteach, de ghnáth de réir sceideal rialta.intransitiveneamhaistreach osclaíonn an oifig ar 9.30 ní osclaíonn go leor siopaí ar an Domhnach 6. Nuair a osclaíonn nó a osclaítear foirgneamh poiblí, monarcha nó gnólacht, tosaíonn an rud sin ag feidhmiú den chéad uair.transitiveaistreach osclaíodh an coláiste in 1930 d'osclaíomar dhá bhrainse nuaintransitiveneamhaistreach d'oscail ionad nua an mhí seo caite Phrasal VerbsBriathra Frásacha→ oscail amach
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...