oiriúnach
cmu (nom.m. a.f. oiriúnach; nom.f. ; a.b. oiriúnach; gen.m. ; g.f. oiriúnaigh; gen.f. ; g.b. oiriúnaí; nom.pl. ; a.i. oiriúnacha; gen.pl. ; g.i. oiriúnacha/oiriúnach; comp./super. ; breis/sár oiriúnaí) 1. Má tá duine nó rud oiriúnach do ról nó do chuspóir ar leith, tá siad cuí nó inghlactha don ról nó don chuspóir sin. tá sí an-oiriúnach don phost tá sé deacair daoine oiriúnacha a aimsiú ní duine oiriúnach é le bheith i bhfeighil daoine óga an bhfuil an t-ábhar oiriúnach do dhaltaí scoile? 2. Má tá rud éigin oiriúnach do rud, feidhm nó cuspóir ar leith, tá an rud sin deartha nó cóirithe lena aghaidh sin. an bhfuil plocóid oiriúnach agat? tá siad oiriúnach don mhicreathonnán tá na bróga oiriúnach le haghaidh cnocadóireachta níl an fheoil oiriúnach mar bhia do dhaoine 3. Má tá éadach nó ball éadaigh oiriúnach duit, tá an méid agus a gcruth ceart iontu duitse. an bhfuil an geansaí oiriúnach duit? oiriúnach dá chéile Má deir tú go bhfuil daoine oiriúnach dá chéile, tá tú ag rá go bhfuil caidreamh maith acu le chéile mar go bhfuil na tuairimí céanna acu agus go bhfuil suim acu sna rudaí céanna. ní raibh siad oiriúnach dá chéile cé chomh hoiriúnach agus atá tú féin agus do pháirtí dá chéile? Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...