Focail chosúla :

nós

 cmu
masculine noun, 1st declensionainmfhocal firinscneach, 1ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. nóis; nom.pl. ; a.i. nósanna; gen.pl. ; g.i. nósanna) 1. Rud a dhéanann tú go rialta nó go minic tá a chuid nósanna beaga féin aige is nós léi a bheith déanach / tá sé de nós aici a bheith mall mar ba nós leis nósanna léitheoireachta 2. Gnás nó creideamh atá ann le fada is nós teaghlaigh é tá siad ag leanúint den nós 3. Rud nua a éiríonn faiseanta agus a nglactar leis agus a ndéanann a lán daoine aithris air PhrasesNathanna ar aon nós Úsáideann tú ar aon nós chun a thabhairt le fios go bhfuil rud éigin fíor nó ábhartha in ainneoin rudaí eile a dúradh nó a rinneadh roimhe sin. bhí sé róthe ach d'ól mé é ar aon nós cén difríocht a dhéanann sé ar aon nós? ar aon nós, is gá dúinn é seo a réiteach ar nós 1. Má deir tú go bhfuil rud amháin ar nós rud eile, tá tú ag rá go bhfuil siad cosúil lena chéile, mar go bhfuil cuid de na cáilíochtaí nó na gnéithe céanna ag baint leo nó go n-oibríonn siad ar an mbealach céanna. bhí sé ar nós na seanlaethanta bhraith mé ar nós amadáin 2. Is féidir ar nós a úsáid chun samplaí de dhaoine nó de rudaí a chur i láthair atá cosúil leis na daoine nó na rudaí atá díreach luaite agat. cathracha ar nós Nua-Eabhrac nó Londan ar nós na gaoithe Má imíonn duine nó rud ar nós na gaoithe, imíonn siad ar luas lasrach nó go han-tapa ar fad. d'imigh sí síos an bóthar ar nós na gaoithe
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...