míle
1 cmu 1. Úsáidtear an bhunuimhir míle roimh ainmfhocal nuair a bhíonn 1,000 rud nó duine i gceist. ag comhaireamh rudaí míle cóip dhá mhíle uair tá sé ceithre mhíle km ar fad tá siad míle bliain d'aois cúig mhíle bliain ó shin míle feithid bheag an míle crann mór meáchan míle bosca trom achar an mhíle slat chearnach ag comhaireamh daoine tá trí mhíle síntiúsóir acu d'fhág míle duine acu / d'fhág míle duine díobh i bhfrásaí cáilitheacha buiséad míle euro cáipéis míle leathanach 2. used figurativelyúsáid fháthchiallachMá deir tú go bhfuil míle duine nó rud ann, tá tú ag rá go bhfuil líon an-mhór nó an t-uafás daoine nó rudaí ann. tá míle duine a d'fhéadfadh cabhrú bhí míle rud le déanamh tá míle áit nach bhfaca mé fós 3. mathematicsmatamaitic, gamescluichí, sportspórtÚsáidtear an mhaoluimhir míle nuair a bhíonn an uimhir 1,000 i gceist sa chomhaireamh, sa mhatamaitic, i scóranna cluichí, srl. míle, míle is a haon, ... cén uimhir a thagann roimh mhíle? uimhir míle roinn an toradh ar mhíle a ceathair faoi mhíle, sin ceithre mhíle a deich i gcumhacht míle i ndátaí in dhá mhíle is a ceathair sa bhliain dhá mhíle fiche a cúig (gen.sg. g.u. míle; nom.pl. ; a.i. mílte; gen.pl. ; g.i. mílte) 4. Úsáidtear míle mar ainmfhocal chun tagairt d'fhigiúr 1,000 ar leith in uimhir. tá an míle ar iarraidh cá mhéad míle atá ann? tá lánstad i ndiaidh an mhíle 5. Úsáidtear míle mar ainmfhocal chun tagairt do 1,000 duine nó rud, cé acu mar ghrúpa nó mar sciar de líon níos mó. daoine shínigh míle é d'fhan míle acu / d'fhan míle díobh míle de na custaiméirí ainmneacha an mhíle eile rudaí díoladh míle bhris míle acu / bhris míle díobh míle de na scaireanna 6. informalneamhfhoirmeáltaIs ionann míle agus suim airgid ina bhfuil 1,000 euro, punt, dollar, srl. chosain sé míle ar a laghad chaith siad cúpla míle air 7. Úsáidtear míle mar orduimhir nuair a bhíonn an 1,000ú duine nó rud i sraith, ord, liosta, srl, i gceist. eagrán míle den tsraith ag tús líne míle iomaitheoir uimhir míle → na mílte míle is a haon, ..., míle is a naoi déag (also nó míle a haon, ..., míle a naoi déag) Úsáidtear míle leis na huimhreacha 1-19 chun uimhreacha idir 1,001 agus 1,019 a léiriú. míle is a haon, míle is a dó, ... ordú uimhir míle is a dó míle is a trí bliain fhada sonraí an mhíle is a cúig custaiméir míle is a haon déag de na baill leathanach míle is a hocht déag míle fiche, ..., míle, naoi gcéad nócha a naoi (also nó míle is fiche, ..., míle, naoi gcéad is nócha is a naoi) Úsáidtear míle leis na huimhreacha 20-999 chun uimhreacha idir 1,020 agus 1,999 a léiriú. míle fiche a haon, míle fiche a dó, ... míle, dhá chéad tríocha a dó míle, trí chéad daichead a trí bliain fhada sonraí an mhíle, cúig chéad caoga a ceathair custaiméir míle, seacht gcéad seasca a cúig de na baill d'íoc sí míle, naoi gcéad ochtó a seacht euro leathanach míle, naoi gcéad nócha a hocht míle ceann Úsáidtear míle ceann chun tagairt do 1,000 rud, cé acu mar ghrúpa astu féin nó mar sciar de líon níos mó. tá míle ceann fágtha againn bhris míle ceann acu / bhris míle ceann díobh míle ceann de na scaireanna míle uair níos ... (also nó míle uair ní ba ...) Má deir tú go bhfuil rud éigin míle uair níos fearr, níos mó, níos deacra, srl, tá tú ag rá go bhfuil an rud sin i bhfad níos fearr, mó, deacra, srl. tá sin míle uair níos éasca anois tá sé ag oibriú míle uair níos fearr anois bheadh sé míle uair ní ba chostasaí ceann nua a cheannach míle
2 cmu (gen.sg. g.u. míle; nom.pl. ; a.i. mílte; gen.pl. ; g.i. mílte) unit of measurementaonad tomhaisAonad faid atá cothrom le 1760 slat nó thart ar 1.6 ciliméadar cónaíonn sí cúpla míle ar shiúl tá sé deich míle ar fad rith mé leathmhíle de turas trí mhíle → na mílte Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...