measc
cmu (pr. láith. meascann; fut. ; fáist. meascfaidh; past ; caite mheasc; cond. ; coinn. mheascfadh; vb.n. ; ainm br. meascadh) 1. Má mheascann dhá shubstaint, nó má mheascann tú dhá shubstaint, tagann an dá shubstaint le chéile ar bhealach éigin sa chaoi is go ndéanfar substaint amháin díobh.transitiveaistreach mheasc sé na péinteanna le chéileintransitiveneamhaistreach ní mheascann ola agus uisce le chéile 2. especiallygo háirithe cookingcócaireacht, scienceeolaíochtMá mheascann tú leacht nó substaint eile, corraíonn tú nó suaitheann tú iad i gcoimeádán le rud ar nós spúnóige.transitiveaistreach measc an phéint sula dtosaíonn tú measc an t-anlann le spúnógintransitiveneamhaistreach lean ort ag meascadh 3. (also nó measc suas)Má mheascann tú rudaí le chéile, ceapann tú gurb é an chéad rud an dara rud nó a mhalairt. Mar shampla, má mheascann tú Seán le Séamas, ceapann tú gur Seán atá ann nuair is Séamas atá ann i ndáiríre. Má mheascann rud éigin thú, cuireann sé mearbhall ort.transitiveaistreach mheasc siad an dá choincheap le chéile ná bí do mo mheascadh suas le mo dheartháir 4. gamescluichíMá mheascann tú cártaí imeartha, suaitheann tú iad nó athraíonn tú an t-ord atá orthu sa phaca sula gcuireann tú tús leis an imirt.transitiveaistreach 5. sociologysocheolaíochtMá mheascann duine i ngrúpa sóisialta, nó má mheasctar ann iad, iompraíonn siad iad féin ar bhealach ar leith chun go mbeidh siad ina mball den ghrúpa sin nó go nglacfar isteach sa ghrúpa iad.transitiveaistreach meascadh tríd an bpobal áitiúil iadintransitiveneamhaistreach mheasc siad go héasca le daoine ag an gcóisir → measc suas i measc (also nó as measc) 1. Má tá rud éigin i measc rudaí eile, tá na rudaí sin mórthimpeall air. bhí siad ina seasamh i measc na gcrann bhí siad i measc an tslua shiúil sé timpeall inár measc 2. Má tá tú i measc daoine ar leith, tá tú i gcomhluadar leo agus tá teagmháil agat leo. i measc cairde atá tú 3. Má tá duine nó rud éigin i measc grúpa, is cuid den ghrúpa sin an duine nó an rud sin, sa chaoi is go bhfuil gnéithe i bpáirt acu leis an ngrúpa. bhí Seán i measc na ndaoine a gortaíodh beidh an Taoiseach i measc na bpolaiteoirí a labhróidh amárach 4. Má tá tuairim nó braistint i measc grúpa daoine, tá an tuairim nó an bhraistint sin ag formhór na ndaoine sa ghrúpa sin. tá meas air i measc a chomhghleacaithe 5. Má tá rud éigin ag tarlú i measc grúpa ar leith, baineann an rud sin don ghrúpa sin. Mar shampla, má tá an dífhostaíocht ard i measc daoine óga, tá a lán daoine óga nach bhfuil fostaithe. an ráta ratha i measc déagóirí Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...