meáchan
cmu (gen.sg. g.u. meáchain; nom.pl. ; a.i. meáchain; gen.pl. ; g.i. meáchan) 1. Is ionann meáchan duine nó ruda agus cé chomh trom agus atá an duine nó an rud sin. Tomhaistear meáchan de réir aonaid ar nós cileagraim, puint nó tonna. cén meáchan atá sa bheartán? tá an meáchan céanna sa dá mhála tá níos mó meáchain i do cheannsa níl mórán meáchain sa cheann seo díoltar de réir meáchain é 2. Is ionann do mheáchan agus cé chomh trom nó chomh toirteach agus atá do chorp, msh i gcomhthéacs sláinte srl. Tomhaistear meáchan duine de réir cileagram, cloch nó punt de ghnáth. cad é an meáchan atá ionat? / cén meáchan atá tú? tá mé ag coinneáil súil ar mo mheáchan tá sé ag iompar roinnt meáchain meáchan a chailleadh meáchan a chur suas 3. sportspórt, health & fitnesssláinte agus folláineCeann amháin de na rudaí a mheánn méideanna ar leith agus a mbíonn daoine á dtógáil le haghaidh aclaíochta, chun éirí níos láidre nó chun a gcuid matán a fhorbairt cuir an meáchan ar ais ar an raca 4. Rud trom a úsáidtear chun rudaí éadroma a choinneáil síos nó socair, nó chun rudaí éadroma a dhéanamh níos troime tromán páipéir 5. athleticslúthchleasaíochtAn liathróid throm mhiotail a chaitheann na hiomaitheoirí sa spórt a dtugtar caitheamh meáchain air → meáchain Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...