Focail chosúla :
Foirm de maol is ea maoil

maoil

 cmu
feminine noun, 2nd declensionainmfhocal baininscneach, 2ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. maoile; nom.pl. ; a.i. maoileanna; gen.pl. ; g.i. maoileanna) geologygeolaíochtCnoc íseal a bhfuil fánaí réidhe agus mullach cruinn air PhrasesNathanna dul thar maoil Má tá leacht i soitheach éigin ag dul thar maoil, tá an iomarca leachta sa soitheach sin agus tá cuid den leacht ag sileadh thar bhéal an tsoithigh. chuaigh roinnt den bhainne thar maoil cur thar maoil Má tá soitheach a bhfuil leacht ann ag cur thar maoil, tá an iomarca leachta sa soitheach sin agus tá cuid den leacht ag sileadh thar bhéal an tsoithigh. bhí an ghloine ag cur thar maoil le huisce ná lig don phota cur thar maoil má éiríonn an t-uisce róthe, d'fhéadfadh an citeal cur thar maoil bheith ag cur thar maoil (le rud) 1. Má tá coimeádán, foirgneamh nó áit ag cur thar maoil le rud nó le daoine, tá a lán den rud nó de na daoine sin iontu agus níl aon spás fágtha iontu. tá an cófra ag cur thar maoil le bróga bíonn na pubanna ag cur thar maoil ag an Nollaig bhí an áit ag cur thar maoil le mic léinn 2. Má tá coimeádán, foirgneamh nó áit ag cur thar maoil le rud nó le daoine, níl dóthain áite iontu don mhéid den rud nó de na daoine atá i gceist. bhí an bosca bruscair ag cur thar maoil le cannaí bíonn an séipéal ag cur thar maoil in amanna as maoil do chonláin Má dhéanann tú rud éigin as maoil do chonláin, déanann tú an rud sin gan é a phleanáil nó a eagrú roimh ré. labhair sí as maoil a conláin cinneadh as maoil mo chonláin a bhí ann de mhaoil an bhaige Má dhéanann tú rud éigin de mhaoil an bhaige, déanann tú an rud sin gan é a phleanáil nó a eagrú roimh ré.
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...