Focail chosúla :
Foirm de móid is ea móide

móide

 cmu
prepositionréamhfhocal 1. mathematicsmatamaiticDeir tú móide chun a léiriú go bhfuil uimhir nó cainníocht amháin le cur le huimhir nó cainníocht eile. a haon móide a haon, sin a dó móide nó lúide a trí masculine noun, 4th declensionainmfhocal firinscneach, 4ú díochlaonadh 2. mathematicsmatamaiticIs ionann móide agus an tsiombail mhatamaiticiúil +. Úsáidtear an tsiombail sin lena léiriú go bhfuil uimhir amháin le suimiú le huimhir eile, is ionann 4 + 2 agus ceathair móide a dó, mar shampla. Cuirtear an tsiombail sin roimh uimhir aonair le léiriú go bhfuil an uimhir níos mó ná neamhní, msh +3. Más i ndiaidh na huimhreach a chuirtear an tsiombail is ionann sin agus gurb í sin an uimhir is lú nó an méid is lú sa chomhthéacs áirithe atá i gceist, msh 18+. daoine 18+ mbliana d'aois amháin a ligfear isteach sa halla ní thitfidh an teocht faoi bhun +42 céim Celsius PhrasesNathanna ní móide ... Is ionann ní móide i dtús abairte nó mar fhreagra ar cheist agus go bhfuiltear ag tabhairt le fios gur beag seans go dtarlóidh rud éigin nó gur dócha nach dtarlóidh sé nó nach amhlaidh atá cúrsaí mar atá luaite. ní móide go mbeidh sé ann in am 'An amárach a thiocfaidh tú?' 'Ní móide é.' ní móide gurb é sin an duine atá i gceist agat
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...