líne
cmu (gen.sg. g.u. líne; nom.pl. ; a.i. línte; gen.pl. ; g.i. línte) 1. Marc fada caol a tharraingítear nó a phéinteáiltear ar dhromchla líne a chur faoi rud líne a chur trí rud líne a tharraingt le rialóir 2. Is ionann líne i bpíosa scríbhneoireachta agus ceann de na rónna focal, uimhreacha nó siombailí eile atá ann. líne filíochta léigh sí cúig líne den dán 3. transportiomparIs ionann líne iarnróid agus an ráille a ngluaiseann traenacha air. Ceanglaítear píosaí miotail agus adhmaid dá chéile chun an ráille sin a dhéanamh. an líne idir Corcaigh agus Baile Átha Cliath 4. Má tá líne daoine nó líne rudaí ann, tá roinnt daoine nó rudaí ina suí nó ina seasamh i ndiaidh a chéile nó le taobh a chéile. rudaí a chur i líne 5. Is ionann línte ar chraiceann duine, go háirithe ar aghaidh an duine sin, agus loirg fhada chaola a thagann ar an gcraiceann agus iad ag dul anonn in aois. ar líne 1. information technologyteicneolaíocht faisnéise, commercetráchtáilMá tá comhlacht ar líne, nó má théann comhlacht ar líne, tá seirbhísí an chomhlachta sin ar fáil ar an idirlíon. bíonn sí ag múineadh ranganna ar líne siopadóireacht ar líne 2. Má tá tú ar líne, nó má théann tú ar líne, tá do ríomhaire nó do ghuthán ceangailte leis an idirlíon. dul ar líne as líne 1. information technologyteicneolaíocht faisnéiseMá tá ríomhaire as líne, níl sé ceangailte leis an idirlíon. beidh an suíomh as líne amárach tá an printéir as líne 2. information technologyteicneolaíocht faisnéiseMá dhéanann tú rud éigin as líne, déanann tú é nuair nach mbíonn tú ceangailte leis an idirlíon. obair as líne Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...