Lá an Dreoilín
Ceiliúrtar Lá an Dreoilín ar an 26 Nollaig gach bliain in Éirinn. Go traidisiúnta, théadh fir agus buachaillí ag seilg an dreoilín ar an lá, mar gur measadh gurbh é rí na n‑éan é. Sa lá atá inniu ann, reáchtáiltear paráid bheag ar Lá an Dreoilín agus gléasann daoine i bhfeisteas suaithinseach agus caitheann siad maisc déanta as tuí. Lucht an dreoilín a thugtar orthusan. Loading phrases and examples...