Focail chosúla :
••••

isteach

  cmu
adverbdobhriathar 1. Úsáideann tú isteach chun a léiriú go bhfuil duine nó rud atá taobh amuigh d'áit nó de rud ar leith ag gluaiseacht, ag breathnú, ag glaoch, á gcur, srl, i dtreo áit nó pointe atá taobh istigh den áit nó den rud ar leith sin. tar isteach! cé a scaoil thusa isteach? bhreathnaigh sí isteach isteach a osclaíonn an doras nuair a chuaigh mé isteach sa seomra cuir isteach sa mhála é thit an spúnóg isteach sa phota 2. Úsáideann tú isteach chun a léiriú go bhfuil duine nó rud ar leith ag gluaiseacht, ag leathadh, srl, ó phointe níos imeallaí i dtreo an láir nó i dtreo lárphointe ar leith. tá siad ag cruinniú isteach go tapa druidigí isteach faoin bhfoscadh anseo 3. sportspórtI spóirt ina scórálann tú má chuireann tú liathróid trí bhéal fráma nó poill, msh sacar, cispheil, galf, púl, srl, úsáideann tú isteach chun a léiriú go bhfuil an liathróid ag gluaiseacht, á bualadh, á caitheamh, srl, trí bhéal an fhráma nó an phoill chun scór a ghnóthú. lig sé an liathróid isteach idir a chosa bhuail sí an liathróid isteach lena dorn prepositionréamhfhocal 4. Úsáideann tú isteach roimh fhocal nó roimh fhrása a léiríonn bearna, msh doras, fuinneog, geata, srl, chun a léiriú go bhfuil duine nó rud ag gluaiseacht, ag breathnú, ag glaoch, á gcur, srl, tríd an mbearna sin i dtreo áit nó pointe atá taobh istigh di. rith sé isteach an doras cúil bhí sí ag breathnú isteach an fhuinneog adjectiveaidiacht 5. transportiomparIs ionann an turas, taisteal, eitilt, srl, isteach agus an turas srl ag teacht chuig áit ar leith, go háirithe nuair a bhíonn i gceist imeacht ón áit chéanna arís níos déanaí. eitiltí isteach an turas isteach PhrasesNathanna isteach ar Úsáideann tú isteach ar roimh fhocal nó roimh fhrása a léiríonn bearna, msh doras, fuinneog, geata, srl, chun a léiriú go bhfuil duine nó rud ag gluaiseacht, ag breathnú, ag glaoch, á gcur, srl, tríd an mbearna sin i dtreo áit nó pointe atá taobh istigh di. rith sé isteach ar an doras cúil bhí sí ag breathnú isteach ar an bhfuinneog
Loading phrases and examples...