ise
cmu Úsáidtear ise chun tagairt le treise do bhean nó do chailín ar leith nuair a bhítear ag dealú idir dhaoine difriúla nó sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas:mar chuspóir gnáthbhriathair;mar ainmní gnáthbhriathair leis an ainm briathartha;mar ainmní na copaile;mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail;mar chuspóir réamhfhocail nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige. cé, mise nó ise? Maratón a rith? Ise? tá a fhios agam, ach ise? - ní thuigim sin ó, a dhiabhail, ise arís! 'Cé a bhuaigh?' 'Ise.' (A) mar chuspóir gnáthbhriathair phioc siad ise romhamsa thit Áine freisin, ach níor gortaíodh ise ba mhaith leo ise a chur isteach i d'áitse (B) mar ainmní gnáthbhriathair leis an ainm briathartha b'fhearr leo ise a bheith ciúin (C) mar ainmní na copaile is foghlaimeoir ise / foghlaimeoir is ea ise ní maith leo ise ba as an gceantar céanna ise is ise an t-úinéir ní hise is measa orthu sílim gurb ise an duine ceart chuige, ní mise 'An ise an buaiteoir?' 'Is í.' 'An saineolaí ise?' 'Is ea.' (D) mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail ise a roghnaigh iad / is ise a roghnaigh iad ise a roghnaigh siad / is ise a roghnaigh siad ní hise a thosaigh an raic déarfainn gurbh ise ba chúis leis, ceart go leor nach ise féin a scríobh é? 'An ise a bhuaigh?' 'Is í.' (E) mar chuspóir réamhfhocail nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige idir ise agus an doras beidh siad go breá gan ise gach duine ach ise Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...