iad
cmu 1. Úsáidtear iad chun tagairt do dhaoine ar leith sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas:mar chuspóir gnáthbhriathair;mar ainmní gnáthbhriathair leis an ainm briathartha;mar ainmní na copaile;mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail;mar chuspóir réamhfhocal nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige. (A) mar chuspóir gnáthbhriathair chonaic sí iad ní aithním iad níor gortaíodh iad nuair a íocfar iad an féidir libh iad a chloisteáil? ba mhaith leis iad a stopadh (B) mar ainmní gnáthbhriathair leis an ainm briathartha b'fhearr léi iad a bheith ciúin (C) mar ainmní na copaile is ealaíontóirí iad / ealaíontóirí is ea iad ní maith leis iad ba as an gceantar céanna iad is iad na húinéirí ní hiad is measa 'An iad na buaiteoirí?' 'Is iad.' (D) mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail is iad a roghnaigh é is iad a roghnaigh sé ní hiad a thosaigh an raic déarfainn gurbh iad ba chúis leis, ceart go leor nach iad féin a scríobh é? (E) mar chuspóir réamhfhocal nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige idir iad agus an doras beidh sibh go breá gan iad gach duine ach iad 2. Úsáidtear iad chun tagairt do rudaí ar leith sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (E) thuas. bhris na pánaí nuair a buaileadh iad fuair mé na cáipéisí sin ach níor léigh mé iad fós leánn na ciúbanna oighir nuair a théitear iad beir leat do chuid uirlisí, ní fiú dul gan iad 3. Úsáidtear iad sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (E) thuas chun tagairt do dhuine aonair ar leith nuair nach léir nó nach sonraítear cé acu fireannach nó baineannach atá i gceist. má bhíonn an t-othar neirbhíseach, cuir ar a suaimhneas iad chonaic mé duine éigin ar rothar ach níor aithin mé iad 4. Úsáidtear iad sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (E) thuas chun tagairt do dhuine neamh-dhénártha ar leith ar mhaith leo gur mar sin a dhéanfaí tagairt dóibh. is ball den cheardchumann iad Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...