Focail chosúla :

gnách

 cmu
PhrasesNathanna mar is gnách Má úsáideann tú an frása mar is gnách ag tagairt do rud éigin a tharlaíonn nó a dhéantar, tá tú ag rá gur sin an rud is minice a tharlaíonn nó a dhéantar i gcás ar leith. níor thosaigh sé in am, mar is gnách mar is gnách, bhí deifir orthu bhí culaith agus carbhat orthu uilig, mar ba ghnách is gnách go ... (also is gnách ...) Má úsáideann tú an frása is gnách go ...is gnách ... ag tagairt do rud éigin a tharlaíonn nó a dhéantar, tá tú ag rá gur sin an rud is minice a tharlaíonn nó a dhéantar i gcás ar leith. is gnách go mbíonn táille iontrála i gceist ba ghnách iad a chócaráil ar dtús ní gnách a leithéid sin a fheiceáil in eaglais níor ghnách go mbeidís chomh costasach sin is gnách le ... Má úsáideann tú an frása is gnách le ... ag tagairt do dhuine nó do rud agus do rud éigin a dhéanann siad, tá tú ag rá gur sin an rud is minice a dhéanann an duine nó rud sin i gcás ar leith. is gnách léi a bheith in am is gnách linn fanacht cúpla oíche ba ghnách leo dul ag snámh ina dhiaidh ní gnách liom a bheith ag glacadh piollaí níor ghnách leis na cruinnithe dul ar aghaidh rófhada níor ghnách leo dul amach mórán ba ghnách le ... I nGaeilge Uladh, úsáidtear an frása ba ghnách le ... in ionad fhoirm ghnáthchaite an bhriathair nuair a bhítear ag caint faoi rud éigin a dhéanadh duine nó rud go rialta nó de ghnáth. ba ghnách léi é a cheannach gach lá ba ghnách linn gach clár a thaifeadadh ba ghnách leis tiomáint ann i gcónaí níor ghnách léi ól ach ag deireadh na seachtaine ba ghnách leis an áit a bheith lán gach oíche Shathairn níor ghnách le hóstáin a bheith chomh daor sin ba ghnách go ... I nGaeilge Uladh, úsáidtear an frása ba ghnách go ... in ionad fhoirm ghnáthchaite an bhriathair chun tagairt do rud a tharlaíodh nó a dhéantaí go rialta nó de ghnáth. ba ghnách go mbeadh na céadta ann ba ghnách go gcaithfí amach iad ba ghnách go gcaithfeá cead speisialta a fháil ba ghnách nach mbeadh áit ar bith oscailte Aoine an Chéasta
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...