Focail chosúla :
••••

galánta

  cmu
adjective, 3rd declensionaidiacht, 3ú díochlaonadh (nom.m. a.f. galánta; nom.f. ; a.b. ghalánta; gen.m. ; g.f. ghalánta; gen.f. ; g.b. galánta; nom.pl. ; a.i. galánta/ghalánta; gen.pl. ; g.i. galánta; comp./super. ; breis/sár galánta) 1. Má deir tú go bhfuil duine galánta, tá tú ag rá go gceapann tú gur duine cairdiúil, lách agus gnaíúil iad. duine galánta 2. Má deir tú go bhfuil duine galánta, tá tú ag rá go bhfuil cuma an‑tarraingteach orthu. tá cuma ghalánta ort 3. Má deir tú go bhfuil rud nó áit galánta, tá tú ag rá go bhfuil siad an‑tarraingteach nó an‑deas. bhí an ceol galánta tá an chulaith sin galánta ort in adverbial phrasei bhfrása dobhriatharthago galánta tá an leabhar maisithe go galánta 4. Má deir tú go bhfuil bia, msh béile, galánta, tá tú ag rá go bhfuil sé thar a bheith blasta. tá boladh galánta as bhí an cáca galánta 5. Má deir tú go bhfuil an aimsir nó an lá galánta, mar shampla, tá tú ag rá go bhfuil an aimsir nó an lá an‑deas agus an‑taitneamhach. bhí aimsir ghalánta ann bhí lá galánta ann 6. Má deir tú go bhfuil rud éigin galánta, tá tú ag rá go bhfuil sé speisialta, neamhghnách, nó gáifeach mar go bhfuil sé maisithe go mór nó go bhfuil cuma chostasach air. bialann ghalánta teach mór galánta 7. Má deir tú go bhfuil éadaí nó stíl ar leith galánta, tá tú ag rá go bhfuil siad slachtmhar, snasta agus faiseanta. hata an‑ghalánta é sin in adverbial phrasei bhfrása dobhriatharthago galánta bhí sé gléasta go galánta mar is gnách 8. Má deir tú go bhfuil guth galánta ag duine, tá tú ag rá go bhfuil guth an‑deas acu agus go bhfuil sé taitneamhach a bheith ag éisteacht leo. tá glór galánta aici 9. Má deir tú go bhfuil blas galánta ag duine, tá tú ag rá go bhfuil blas ardnósach acu. blas galánta
Loading phrases and examples...