Focail chosúla :

focal

 cmu
masculine noun, 1st declensionainmfhocal firinscneach, 1ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. focail; nom.pl. ; a.i. focail; gen.pl. ; g.i. focal) 1. Aonad aonair teanga is féidir a scríobh nó a rá. I nGaeilge, bíonn spás ar gach taobh d'fhocal nuair a scríobhtar é. focal a scríobh focal a cheapadh / focal a chumadh aiste 3000 focal brí an fhocail / ciall an fhocail ord na bhfocal rud a chur i bhfocail i mbeagán focal focal Fraincise 2. Caint, nó ráiteas a deirtear os ard. Mar shampla, má tá focal agat le duine, labhraíonn tú leis an duine sin nó deir tú rud éigin leo. focal a bheith agat le duine déarfaidh mé cúpla focal leis an slua 3. Is ionann d'fhocal agus gealltanas a thugann tú go bhfuil rud éigin fíor, go ndéanfaidh tú rud éigin, srl. d'fhocal a thabhairt do dhuine m'fhocal duit air ar m'fhocal / dar m'fhocal d'fheall sé ar a fhocal chuir sí lena focal PhrasesNathanna focal ar fhocal 1. Má deir nó má scríobhann tú ráiteas focal ar fhocal, deir nó scríobhann tú an ráiteas sin díreach mar a dúradh nó mar a scríobhadh a chéaduair é, gan athrú ar bith a dhéanamh air. cuntas focal ar fhocal atá ann seo a raibh le rá aici, focal ar fhocal 2. Má aistríonn tú rud éigin focal ar fhocal, msh téacs, sliocht, abairt, srl, aistríonn tú an rud sin go litriúil nó díreach de réir na brí is bunúsaí nó is simplí leis, rud a fhágann go minic nach n-éiríonn leat brí bhaileach an ruda a thabhairt slán san aistriúchán. d'aistrigh mé an frása focal ar fhocal ar aon fhocal Má tá tú féin agus duine eile ar aon fhocal, nó má tá sibh ar aon fhocal lena chéile, tá an tuairim chéanna agaibh de rud éigin nó deir sibh go bhfuil an tuairim chéanna agaibh de. tá tú ar aon fhocal liom níl na húdair ar aon fhocal faoin gceist
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...