Focail chosúla :

feic

 cmu
verbbriathar (pr. láith. feiceann; fut. ; fáist. feicfidh; past ; caite chonaic; cond. ; coinn. d'fheicfeadh; vb.n. ; ainm br. feiceáilvn) 1. Nuair a fheiceann tú rud éigin, tugann tú faoi deara é le do shúile.transitiveaistreach feicim an comhartha rud a fheiceáil ní fheiceann siad dada 'An bhfaca tú é sin?' 'Chonaic.' ní fhacthas í ag dul isteach sa teachintransitiveneamhaistreach ní raibh sé in ann feiceáil 2. Má fheiceann tú go bhfuil rud éigin mar atá, tagann tú ar an eolas nó ar an tuiscint go bhfuil an rud sin mar atá, nó aithníonn tú go bhfuil sé amhlaidh.transitiveaistreach feicfidh tú go bhfuil an ceart agam feicim gur mé féin is cionsiocair leisintransitiveneamhaistreach fan go bhfeicfidh mé 'Tá an t-airgead uilig caite,' arsa Seán. 'Feicim,' arsa Mairéad. beidh le feiceáil 3. Má fheiceann tú duine éigin, tugann tú cuairt orthu nó buaileann tú leo.transitiveaistreach feicfidh mé amárach í 4. Má deir tú go bhfaca tú dráma, scannán nó clár is ionann sin agus a rá go ndeachaigh tú chuig an amharclann nó chuig an bpictiúrlann chun féachaint ar an dráma nó ar an scannán a bhí ar siúl nó gur fhéach tú ar an gclár ar an teilifís, mar shampla.transitiveaistreach ní fhaca mé an scannán sin fós masculine noun, 4th declensionainmfhocal firinscneach, 4ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. feic; nom.pl. ; a.i. feiceanna; gen.pl. ; g.i. feiceanna) 5. Má deir tú gur feic is ea duine nó rud éigin, tá tú ag rá nach bhfuil sé taitneamhach breathnú orthu nó mar gur mór an náire iad. is bocht an feic é PhrasesNathanna feictear dom Deir tú feictear dom nuair atá tú ag trácht ar thuairim de do chuid nó ar rud éigin a cheapann tú. Mar shampla, má deir tú 'feictear dom go bhfuil cúrsaí go maith', tá tú ag rá gurb é do thuairim é, nó go bhfuil an chuma ar an scéal chomh fada le d'eolas, go bhfuil cúrsaí go maith. feictear dom go bhfuil dul amú ort mar a chéile a scéalsa, feictear dom, agus scéal Mháire
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...