Focail chosúla :

féith

 cmu
feminine noun, 2nd declensionainmfhocal baininscneach, 2ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. féithe; nom.pl. ; a.i. féitheacha; gen.pl. ; g.i. féitheacha) 1. anatomyanatamaíochtIs ionann do chuid féitheacha agus na feadáin thanaí i do chorp a mbíonn do chuid fola ag sreabhadh tríothu i dtreo an chroí. féith bhorrtha 2. geologygeolaíochtIs ionann féith i gcarraig agus ciseal de mhiotal nó de mhianra ar leith sa charraig sin. 3. botanyluibheolaíochtIs ionann féitheacha duilleoige agus na feadáin thanaí cosúil le línte uirthi nó inti agus a mbíonn uisce agus cothaithigh á n-iompar tríothu. 4. zoologyzó-eolaíochtIs ionann féith i sciathán feithide agus ceann ar bith de na feadáin chraobhacha a dhéanann fráma taca don sciathán. 5. Má deir tú go bhfuil féith ruda i nduine, msh féith an cheoil, tá tú ag rá go bhfuil ardchumas nó spéis sa rud sin ag an duine sin ó nádúr nó ó dhúchas. tá féith na scéalaíochta ann tá féith an cheoil iontu 6. Má deir tú go bhfuil féith ruda i nduine nó i saothar duine, msh go bhfuil féith ghrinn in úrscéal, tá tú ag rá go léiríonn siad tréith a bhaineann leis an rud sin. tá féith an achrainn inti tá féith ghrinn inti
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...