fáisc
cmu (pr. láith. fáisceann; fut. ; fáist. fáiscfidh; past ; caite d'fháisc; cond. ; coinn. d'fháiscfeadh; vb.n. ; ainm br. fáscadh) 1. Má fháisceann tú rud éigin, brúnn tú go crua é, de ghnáth le do lámha.transitiveaistreach d'fháisc sé a lámh líomóid a fháscadh 2. Má fháisceann tú rud éigin, msh, scriú, clár nó crios, casann tú nó bogann tú é sa chaoi go mbeidh sé níos daingnithe nó go mbeidh greim níos daingne aige ar rud éigin.transitiveaistreach d'fháisc sí a cóta d'fháisc sé an crios timpeall a choime 3. Má fháisceann tú éadach fliuch nó ball éadaigh fliuch, casann tú an t-éadach go teann timpeall air féin chun an t-uisce a bhaint de.transitiveaistreach d'fháisc mé an t-uisce as mo stocaí 4. Má fháisceann tú rud ar nós rópa, bindealáin, srl, timpeall ar dhuine nó ar rud, ceanglaíonn tú an rópa nó an bindealán go teann timpeall ar an duine nó ar an rud sin.transitiveaistreach 5. Má fháisceann ball de do chorp, éiríonn na matáin ann teann agus righin, msh toisc go bhfuil fearg nó eagla ort.transitiveaistreach d'fháisc sé a bheolaintransitiveneamhaistreach d'fháisc a giall 6. Má fháisceann tú duine nó rud, coinníonn tú gar do do chorp iad agus greim daingean agat orthu.transitiveaistreach d'fháisc sé lena ucht í / d'fháisc sé chuige í 7. Má fháisceann tú duine nó rud áit éigin, nó má fháisceann duine nó rud áit éigin, bogann siad trí spás an-chúng nó éiríonn leo dul isteach in áit nach bhfuil mórán spáis ann.transitiveaistreach d'fháisc mé an cóta isteach sa mhálaintransitiveneamhaistreach d'fháisc an cúigear againn isteach sa chúl duine a fháscadh le do chroí Má fháisceann tú duine le do chroí, cuireann tú do sciatháin timpeall an duine sin agus coinníonn tú greim orthu, msh toisc gur maith leat iad nó toisc go bhfuil áthas ort iad a fheiceáil. d'fháisc mé m'iníon le mo chroí Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...