Focail chosúla :

eisean

 cmu
Personal pronoun, 3rd person singular masculineForainm pearsanta, 3ú pearsa uatha firinscneach Úsáidtear eisean chun tagairt le treise d'fhear nó do bhuachaill ar leith nuair a bhítear ag dealú idir dhaoine difriúla nó sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas:mar chuspóir gnáthbhriathair;mar ainmní gnáthbhriathair leis an ainm briathartha;mar ainmní na copaile;mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail;mar chuspóir réamhfhocail nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige. cé, mise nó eisean? Maratón a rith? Eisean? tá a fhios agam, ach eisean? - ní thuigim sin ó, a dhiabhail, eisean arís! 'Cé a bhuaigh?' 'Eisean.' (A) mar chuspóir gnáthbhriathair phioc siad eisean romhamsa thit Seán freisin, ach níor gortaíodh eisean ba mhaith leo eisean a chur isteach i d'áitse (B) mar ainmní gnáthbhriathair leis an ainm briathartha b'fhearr leo eisean a bheith ciúin (C) mar ainmní na copaile is foghlaimeoir eisean / foghlaimeoir is ea eisean ní maith leo eisean ba as an gceantar céanna eisean is eisean an t-úinéir ní heisean is measa orthu sílim gurb eisean an duine ceart chuige, ní mise 'An eisean an buaiteoir?' 'Is é.' 'An saineolaí eisean?' 'Is ea.' (D) mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail eisean a roghnaigh iad / is eisean a roghnaigh iad eisean a roghnaigh siad / is eisean a roghnaigh siad ní heisean a thosaigh an raic déarfainn gurbh eisean ba chúis leis, ceart go leor nach eisean féin a scríobh é? 'An eisean a bhuaigh?' 'Is é.' (E) mar chuspóir réamhfhocail nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige idir eisean agus an doras beidh siad go breá gan eisean gach duine ach eisean
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...