Focail chosúla :

dubh

 cmu
adjective, 1st declensionaidiacht, 1ú díochlaonadh (nom.m. a.f. dubh; nom.f. ; a.b. dhubh; gen.m. ; g.f. dhuibh; gen.f. ; g.b. duibhe; nom.pl. ; a.i. dubha/dhubha; gen.pl. ; g.i. dubha/dubh; comp./super. ; breis/sár duibhe) 1. Is ionann rud dubh agus rud a bhfuil an dath is dorcha dá bhfuil ann air, an dath a bhíonn ar an spéir san oíche nuair nach mbíonn solas ar bith ann. tá sé dubh / tá dath dubh air d'éirigh sé dubh / tháinig dath dubh air tá gruaig fhada dhubh air deatach dubh / toit dhubh 2. Is ionann duine dubh agus duine a bhaineann le cine daonna a bhfuil craiceann dorcha orthu, go háirithe cine as an Afraic. daoine dubha iad 50% den daonra 3. Is ionann greann dubh agus greann nó áilteoireacht a bhaineann le hábhair ghruama nó le hábhair mhíthaitneamhacha, msh an bás, an cruatan, an fhulaingt, an foréigean, srl. tá go leor den ghreann dubh ina shaothar 4. Is ionann rud éigin dubh, msh cás nó scéal, agus rud a chuirfeadh an-bhrón, an-ghruaim nó an-éadóchas ar dhuine, nó rud a mbaineann na mothúcháin sin leis. is é an lá dubh dóibh é scéal dubh 5. Is ionann rud nó gníomh dubh agus rud nó gníomh a léiríonn an-olc nó an-mhailís i leith duine. amharc dubh a thabhairt ar dhuine 6. Is ionann duine dubh agus duine a bhfuil gruaig dhubh orthu. cailín dubh 7. Is ionann caife nó tae dubh agus caife nó tae nach bhfuil bainne ná uachtar curtha ann. is fearr liom caife dubh masculine noun, 1st declensionainmfhocal firinscneach, 1ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. duibh) 8. An dath is dorcha dá bhfuil ann, an dath a bhíonn ar an spéir san oíche nuair nach mbíonn solas ar bith ann ní maith liom an dubh sin SubformsSainfhoirmeacha → an dubh PhrasesNathanna chomh dubh le pic 1. Má tá rud éigin chomh dubh le pic, tá an dath is dorcha dá bhfuil ann air, an dath a bhíonn ar an spéir san oíche nuair nach mbíonn solas ar bith ann. 2. Má bhíonn áit nó an oíche chomh dubh le pic, ní bhíonn solas ar bith ann. an dubh a chur ina gheal ar dhuine Má chuireann tú an dubh ina gheal ar dhuine, insíonn tú bréag dóibh chun cluain a chur orthu, go minic chun buntáiste a bhreith orthu dá réir. ó dhubh go dubh Má dhéantar nó má tharlaíonn rud éigin ó dhubh go dubh, déantar nó maireann an rud sin an lá ar fad nó ó mhaidin go hoíche. Mar shampla, má tá tú ag obair ó dhubh go dubh, bíonn tú ag obair an lá ar fad. bíonn sí ag obair ó dhubh go dubh dubh le daoine adjectival phrasefrása aidiachtachMá deir tú go bhfuil áit éigin dubh le daoine, tá tú ag rá go bhfuil a lán daoine ann, sa chaoi is go bhfuil an áit líon lán le daoine.
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...