drong
cmu (gen.sg. g.u. droinge; nom.pl. ; a.i. dronga; gen.pl. ; g.i. drong) 1. Má thugann tú drong ar ghrúpa daoine, tá tú ag rá go bhfuil rud éigin bagrach nó míthaitneamhach ag baint leo. bhí drong buachaillí óga ag crochadh thart drong de na maistíní áitiúla níl iontu ach drong caimiléirí 2. Grúpa daoine, daoine óga go háirithe, a bhíonn ag dul timpeall le chéile i gceantar ar leith agus a bhíonn ag déanamh loitiméireachta nó ag tógáil achrainn d'aon ghnó go minic drong shráide 3. policepóilíneachtGrúpa coirpeach a oibríonn le chéile chun coireanna a dhéanamh drong coireacht eagraithe drong drugaí drong gadaithe 4. Grúpa beag de dhaoine a chaitheann a lán ama i dteannta a chéile agus atá doicheallach roimh dhaoine nach bhfuil sa ghrúpa 5. Grúpa mór mí-eagraithe de dhaoine atá á n-iompar féin go glórach agus go hachrannach Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...