dorcha
cmu (nom.m. a.f. dorcha; nom.f. ; a.b. dhorcha; gen.m. ; g.f. dhorcha; gen.f. ; g.b. dorcha; nom.pl. ; a.i. dorcha/dhorcha; gen.pl. ; g.i. dorcha; comp./super. ; breis/sár dorcha) 1. Má deir tú go bhfuil dath ar leith dorcha, tá tú ag rá go bhfuil an chuma ar an dath sin go bhfuil roinnt den dubh ann nó go bhfuil an dath sin ag bordáil ar dhubh. is fearr leis dathanna dorcha bhí culaith liath dhorcha uirthi tháinig dath gorm dorcha air 2. Má tá dath nó solas dorcha, níl siad geal nó lonrach. 3. Nuair a bhíonn sé dorcha nó má tá áit éigin dorcha, ní bhíonn go leor solais ann chun rudaí a fheiceáil mar is ceart, msh mar go bhfuil an oíche ann. tá sé an‑dorcha istigh anseo bhí sé dorcha nuair a thángamar abhaile tá sé ag éirí dorcha oícheanta dorcha an gheimhridh 4. Má deir tú go bhfuil an aimsir nó an spéir dorcha, tá tú ag rá go bhfuil sé an‑scamallach. lá dorcha tá an spéir ag éirí dorcha 5. Má tá craiceann nó gruaig dhorcha ar dhuine nó má tá súile dorcha acu, tá dath donn nó dubh ar a gcraiceann, ar a gcuid gruaige nó ar a súile. tá gruaig dhorcha uirthi bhí súile dorcha aige 6. Má deir tú go bhfuil rud éigin ar nós tréimhse ama, scéal, srl, dorcha, tá sé brónach, míthaitneamhach nó scanrúil. lá dorcha a bhí ann don phobal ba ré dhorcha inár stair é 7. Is ionann greann dorcha agus greann a dhéanann scéalta grinn as rudaí atá tromchúiseach nó brónach. 8. Má deir tú go mbaineann tréithe dorcha le duine nó le rud, tá tú ag rá go bhfuil urchóid nó bagairt ag baint leo nó go bhfuil rud éigin scanrúil fúthu. tá tréithe an‑dorcha ann tá fórsaí dorcha ag dul i bhfeidhm ar an tír dubh dorcha Má deir tú go bhfuil rud éigin dubh dorcha, msh áit ar leith nó an oíche, tá tú ag rá nach bhfuil aon solas ann. Loading phrases and examples...