Focail chosúla :

do

2 cmu Usage NoteNóta Úsáide
Possessive adjective, 2nd person singularAidiacht shealbhach, 2ú pearsa uatha Cuirtear séimhiú ar an bhfocal a thagann ina dhiaidh. Scríobhtar é mar d' más guta nó fh + guta a thagann ina dhiaidh.Lenites; written d' before vowel or fh followed by vowel. Úsáideann tú do chun a léiriú gur leis an duine a bhfuil tú ag caint leo nó ag scríobh chucu an rud atá i gceist, nó go mbaineann an duine nó rud atá i gceist leis an duine sin. (A) le hainmneach ainmfhocail an raibh do ghuthán leat? an bhfuil d'eochracha caillte agat? bhí d'fhuinneog oscailte níor thug tú do fhreagra fós (B) nuair a bhíonn ginideach i gceist aintín d'athar uncail do mháthar cara do dheartháir beag / cara do dhearthár bhig formalfoirmeálta zip do chasóg bháistí / zip do chasóige báistí formalfoirmeálta (C) le focail a mbíonn 'cuid' rompu de ghnáth, msh: is maith leat do chuid oibre chaith tú leath do chuid airgid air nigh tú do chuid gruaige tá do chuid ama luachmhar (D) le focail a mbíonn rogha ann 'cuid' a chur rompu, msh: do chairde / do chuid cairde do dhualgais / do chuid dualgas do laethanta saoire / do chuid laethanta saoire PhrasesNathanna do do ... verbal object, 2nd person singularcuspóir briathartha, 2ú pearsa uathaÚsáideann tú do do ... roimh ainm briathartha chun a léiriú gur ar an duine a bhfuil tú ag caint leo nó ag scríobh chucu atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm. beidh sí do do cheistiú an bhfuil sin do do ghortú? nuair a bhí tú do d'oiliúint ní do do mholadh a bhíothas, bí cinnte de sin!
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...