Focail chosúla :
••••

diabhal

  cmu
masculine noun, 1st declensionainmfhocal firinscneach, 1ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. diabhail; nom.pl. ; a.i. diabhail; gen.pl. ; g.i. diabhal) 1. Sprid a bhfuil olc ann, ainsprid 2. Má deir tú gur diabhal is ea duine, tá tú ag rá go bhfuil olc iontu agus go dtiocfadh leo a bheith contúirteach. SubformsSainfhoirmeacha → an Diabhal PhrasesNathanna ar nós an diabhail Má dhéanann duine rud éigin ar nós an diabhail, cuireann siad iarracht mhór isteach sa rud sin, déanann siad go han‑ghasta é nó déanann siad go minic é. rith siad ar nós an diabhail ... sa diabhal Is féidir sa diabhal a chur ag deireadh ráitis le béim a leagan ar an ráiteas sin, msh chun fearg, mífhoighne nó frustrachas a chur in iúl. is cuma liom sa diabhal céard sa diabhal? a dhiabhail! very informalan-neamhfhoirmeáltaÚsáideann roinnt daoine a dhiabhail! le fearg nó mifhoighne, mar shampla, a chur in iúl. A dhiabhail! Cár fhág mé é? a dhiabhail, ní raibh mé ag súil leis sin bíodh an diabhal ag ... Má deir tú 'bíodh an diabhal ag' rud éigin nó duine éigin, tá tú ag cur in iúl gur cuma leat faoin rud sin nó faoin duine sin agus nach gcuirfidh siad aon bhac ort an rud atá tú ag iarraidh a dhéanamh a bhaint amach, mar shampla. bíodh an diabhal ag gach duine bíodh an diabhal agaibh ar fad bíodh an diabhal aige! Rud a deir tú lena chur in iúl gur cuma leat faoi rud éigin nó go bhfuil díoma nó fearg ort dul i dtigh an diabhail Deir daoine 'téigh i dtigh an diabhail' le duine eile uaireanta mar bhealach drochbhéasach le hiarraidh orthu imeacht nó gan a bheith ag cur isteach ort. imeacht i dtigh an diabhail Deir daoine 'imigh i dtigh an diabhail' le duine eile uaireanta mar bhealach drochbhéasach le hiarraidh orthu imeacht nó gan a bheith ag cur isteach ort. dul go tigh an diabhail Deir daoine 'téigh i dtigh an diabhail' le duine eile uaireanta mar bhealach drochbhéasach le hiarraidh orthu imeacht nó gan a bheith ag cur isteach ort. imeacht go tigh an diabhail Deir daoine 'téigh i dtigh an diabhail' le duine eile uaireanta mar bhealach drochbhéasach le hiarraidh orthu imeacht nó gan a bheith ag cur isteach ort. diabhal a fhios agam! Deir tú diabhal a fhios agam lena chur in iúl nach bhfuil rud éigin, msh freagra, ar eolas agat. gach diabhal duine Úsáideann tú gach diabhal duine lena chur in iúl go bhfuil gach saghas duine i gceist agat. Mar shampla, má deir tú go raibh gach diabhal duine i láthair ag ócáid, ta tú ag rá go raibh gach saghas duine i láthair ag an ócáid sin, gnáthdhaoine go háirithe. ná beannaigh don diabhal sin go mbeannaí sé duit informalneamhfhoirmeáltaRud a deirtear lena chur in iúl gur chóir do dhuine aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna de réir mar a thagann siad chun cinn seachas a bheith ag déanamh inmí faoi na fadhbanna sin agus an seans ann nach dtiocfaidh siad chun cinn riamh tá an diabhal déanta anois! informalneamhfhoirmeálta Rud a deir tú le frustrachas a chur in iúl nuair a thagann rud éigin chun cinn nach raibh tú ag súil leis agus a chuireann isteach ar do chuid pleananna an diabhal rud Má thugann tú an diabhal rud ar rud éigin, tá tú ag cur in iúl go bhfuil fearg ort nó go bhfuil do chuid foighne caillte agat mar gheall ar an rud sin. tabhair dom an diabhal rud
Loading phrases and examples...