dara
cmu Is ionann an dara duine nó rud agus an duine nó rud a chomhaireann tú mar uimhir a dó nó mar an 2ú duine nó rud i sraith nó in ord. le 'an' roimhe an dara botún beag / an dara hearráid bheag an dara lá den agóid an dara ceann sa tsraith sa dara céad / sa dara haois den dara huair ar an dara hurlár tar éis an dara clár beo ba ise an dara duine a cháiligh seo an dara cluiche acu an dara cathair is mó ar domhan gan 'an' roimhe seo a ndara cluiche dara postáil Ghaeilge na bliana le 'is' agus iolraithe de 10 an dara huair is fiche tús an dara bliain is caoga an dara lá Úsáidtear an dara lá nuair a bhítear ag tagairt don 2ú lá i mí ar leith mar dháta. an dara lá d'Eanáir Dé Luain, an dara lá de Lúnasa tá sí ag teacht ar an dara lá tar éis an dara lá an dara lá is fiche Úsáidtear an dara lá is fiche nuair a bhítear ag tagairt don 22ú lá i mí ar leith mar dháta. an dara lá is fiche d'Eanáir Dé Luain, an dara lá is fiche de Lúnasa tá sí ag teacht ar an dara lá is fiche tar éis an dara lá is fiche an dara lá fichead Úsáidtear an dara lá fichead nuair a bhítear ag tagairt don 22ú lá i mí ar leith mar dháta. an dara lá fichead d'Eanáir Dé Luain, an dara lá fichead de Lúnasa tá sí ag teacht ar an dara lá fichead tar éis an dara lá fichead gach dara Má bhítear ag caint ar gach dara duine nó rud i ngrúpa nó i bpatrún, ciallaíonn sé sin go mbaineann cibé rud atá i gceist le duine nó rud amháin, ansin ní bhaineann sé leis an chéad duine nó rud eile, ansin baineann sé leis an chéad duine nó rud eile arís, agus ar aghaidh dá réir sin. Mar shampla, má tharlaíonn rud éigin gach dara lá, tarlaíonn sé lá amháin, ní tharlaíonn sé an lá ina dhiaidh sin, tarlaíonn sé arís an lá ina dhiaidh sin, srl. gach dara lá seiceálaim gach dara ceann acu Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...