déin
teacht faoi dhéin duine Má thagann duine éigin faoi do dhéin, tagann siad go dtí an áit a bhfuil tú chun tú a bhailiú agus a thabhairt áit éigin eile leo. tiocfaidh mé faoi do dhéin ar a naoi tháinig sé faoi dhéin a mhic tháinig na póilíní faoina dhéin dul faoi dhéin duine Má théann tú faoi dhéin duine, téann tú go dtí an áit a bhfuil siad chun iad a bhailiú agus a thabhairt áit éigin eile leat. chuaigh mé faoi dhéin m'iníne chuaigh mé faoina dhéin cur faoi dhéin duine Má chuireann tú faoi dhéin duine, seolann tú teachtaireacht chuig an duine sin agus iarrann tú orthu teacht chugat. cuireadh faoi dhéin an dochtúra Loading phrases and examples...