Focail chosúla :
••••

cúl

  cmu
masculine noun, 1st declensionainmfhocal firinscneach, 1ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. cúil; nom.pl. ; a.i. cúil; gen.pl. ; g.i. cúl) 1. An taobh nó an chuid is faide ón tosach de rud éigin chuir sí an comhad i gcúl an tarraiceáin tá othras aige i gcúl a bhéil tá sí sáinnithe ag cúl na scuaine genitive singular as a modifierginideach uatha mar cháilitheoircúil adhmad atá sa phainéal cúil suíochán cúil 2. Is ionann cúl foirgnimh agus an chuid is faide ó thosach an fhoirgnimh sin nó an chuid taobh thiar de. ar chúl an tí an gcloiseann sibh mé ag an gcúl? gairdín cúil seomra cúil 3. automotivegluaisteánaíochtAn chuid d'fheithicil nach bhfuil chun tosaigh nó sa lár d'iompaigh sé ar na cailíní ag an gcúl / thiontaigh sé chuig na cailíní sa chúl caitheadh isteach i gcúl an chairr é 4. sportspórtI spóirt ar nós na peile, iománaíochta nó camógaíochta, is é an cúl an spás a ndéanann na himreoirí iarracht an liathróid a chur ann chun pointe nó pointí a scóráil dá bhfoireann. sheas sí i lár an chúil thug sé iarraidh ar an gcúl 5. sportspórtI spóirt ar nós na peile, iománaíochta nó camógaíochta, nuair a éiríonn le himreoir an liathróid a chur san eangach nó sa líon, scórálann siad cúl. scóráil sí cúl / d'aimsigh sí cúl shábháil sé cúl ansin bhuamar le cúl genitive singular as a modifierginideach uatha mar cháilitheoir 6. Is ionann cosa cúil ainmhí agus na cosa ar an gcuid deiridh dá chorp. cos chúil SubformsSainfhoirmeacha → an cúl→ cúl‑ PhrasesNathanna ar chúl duine/ruda 1. Má tá rud éigin ar chúl duine nó ruda, tá sé taobh thiar díobh nó níos gaire don chúl ná don tosach. bhí sé ina shuí ar chúl Thaidhg bhí sí i bhfolach ar chúl an dorais an bóthar ar chúl an tí 2. Má tá tú ar chúl duine nó ruda, níl tú chomh rathúil céanna leo nó tá níos lú déanta agat ná mar atá acusan. bhí Éire ar chúl na dtíortha eile i gcúrsaí taighde tá mé ar chúl Liam ó thaobh na hoibre de 3. Má tá tú ar chúl duine nó ruda, tá tú ag tacú agus ag cuidiú leo. tá bainisteoir maith ar chúl an tionscadail bhí daoine mór le rá ar chúl an cheoltóra ar gcúl 1. Is ionann gluaiseacht ar gcúl agus gluaiseacht atá ag dul sa treo a bhfuil aghaidh do dhroma air. féachaint ar gcúl bhogamar ar gcúl 2. Má tá tú ar gcúl, tá níos lú déanta agatsa ná mar atá ag daoine eile nó tá ag éirí níos fearr le daoine eile ná mar atá ag éirí leatsa. táimid go mór ar gcúl tá an páirtí ar gcúl sna pobalbhreitheanna bhí mé lá ar gcúl leis an obair cúl a choinneáil ar dhuine/rud Má choinnítear cúl ar dhuine nó ar rud, cuirtear srian orthu nó ní ligtear dóibh dul ar aghaidh. coinníodh cúl ar an bhforbairt cúl a thabhairt le duine/rud (also nó cúl a thabhairt do dhuine/rud) Má thugann tú cúl do dhuine nó do rud, fágann nó tréigeann tú iad nó diúltaíonn tú baint a bheith agat leo. thug sé cúl dá mhuintir / thug sé cúl lena mhuintir
Loading phrases and examples...