críochnaigh
cmu (pr. láith. críochnaíonn; fut. ; fáist. críochnóidh; past ; caite chríochnaigh; cond. ; coinn. chríochnódh; vb.n. ; ainm br. críochnú) 1. Má chríochnaíonn comhrá, ócáid nó gníomhaíocht, nó má chríochnaíonn tú comhrá, ócáid nó gníomhaíocht, tagann deireadh leo nó stopann siad.transitiveaistreach chríochnaigh sí a hóráid chríochnaigh siad an cruinniú luath críochnaigh do chomhrá!intransitiveneamhaistreach críochnaíonn an ócáid ag a hocht cathain atá sé ag críochnú? 2. Má chríochnaíonn tú rud éigin, déanann tú, réitíonn tú, cumann tú nó táirgeann tú an rud sin ina iomláine.transitiveaistreach tá a cúrsa oiliúna críochnaithe aici ar chríochnaigh tú d'aiste? chríochnaigh sé a dhinnéar 3. Má chríochnaíonn tú rud éigin, msh conradh, comhaontú nó caidreamh, nó má chríochnaíonn siad, cuireann tú deireadh leo go hiomlán nó tagann deireadh leo go hiomlán.transitiveaistreach chríochnaigh sí ár gcairdeas chríochnaigh siad an sos cogaidhintransitiveneamhaistreach chríochnaigh an comhaontú eadrainn 4. informalneamhfhoirmeáltaMá chríochnaíonn tú in áit, i gcás nó i staid ar leith, bíonn tú ann ag deireadh sraith gníomhartha, imeachtaí nó eispéireas, cé nach sin a bhí beartaithe agat ar dtús.intransitiveneamhaistreach sa bheár a chríochnaigh siad Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...