coiscéim
cmu (gen.sg. g.u. coiscéime; nom.pl. ; a.i. coiscéimeanna; gen.pl. ; g.i. coiscéimeanna) 1. Má thugann tú coiscéim, ardaíonn tú do chos ón talamh agus cuireann tú síos in áit eile í, msh nuair a bhíonn tú ag siúl nó chun bogadh áit éigin. coiscéim a thógáil / coiscéim a thabhairt tóg dhá choiscéim chun tosaigh coiscéim i leataobh dul siar ar do choiscéim / filleadh ar do choiscéim 2. An fhuaim a dhéanann duine agus iad ag siúl, gach uair a leagann siad a gcosa ar an talamh chuala sé coiscéimeanna ar an staighre 3. An fad a bhogann tú nuair a ardaíonn tú do chos ón talamh agus a chuireann tú síos in áit eile í, msh nuair a bhíonn tú ag siúl bhí sí dhá choiscéim ar a chúl níl ann ach cúpla coiscéim go dtí an doras 4. Is ionann do choiscéim agus an chaoi a siúlann tú. tá coiscéim éadrom aici / tá sí éadrom ar a coiscéim bhí coiscéim shocair leo ghéaraigh sé a choiscéim coiscéim a choinneáil le duine Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...