ceist
cmu (gen.sg. g.u. ceiste; nom.pl. ; a.i. ceisteanna; gen.pl. ; g.i. ceisteanna) 1. Abairt a deir tú nó a scríobhann tú chun fiafraí de dhuine faoi rud éigin ceist a chur / ceist a fhiafraí ceist a chur ar dhuine ceist a fhiafraí de dhuine ceist a fhreagairt / freagra a thabhairt ar cheist ceist a chur faoi rud níor fhreagair tú mo cheist lean sí uirthi ag seachaint na ceiste má bhíonn aon cheist agat, cuir orm í níl ort ach ceist a chur ceist ó chustaiméir 2. Rud is cóir duit smaoineamh faoi, go háirithe rud is cóir duit a chur san áireamh nuair atá tú ag iarraidh plean nó cinneadh a dhéanamh ceist lárnach ceist thábhachtach í ceist an chostais níor mhór dúinn tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar an gceist seo ceist pholasaí ceisteanna sábháilteachta 3. Rud is gá déileáil leis, go háirithe fadhb atá le réiteach nó cás atá le fiosrú tháinig an cheist chun cinn ní mór aghaidh a thabhairt ar an gceist láimhseáil siad an cheist go maith is ceist bhreithiúnais é bhí ceist dlí ann tá an cheist sin fós le réiteach táimid ag iarraidh ceisteanna den chineál sin a sheachaint a oiread agus is féidir 4. Ábhar comhrá, go háirithe ábhar díospóireachta, nó an príomhphointe atá á phlé nó a bhfuil daoine ag argóint faoi ní hin an cheist sin ceist eile ar fad ceist a tharraingt anuas an cheist a ardú os comhair an choiste an duine/rud atá i gceist Is ionann an duine atá i gceist nó an rud atá i gceist agus an duine nó an rud a bhfuiltear ag caint orthu nó ag smaoineamh orthu. an duine atá i gceist ní hin an rud atá i gceist sin an duine atá i gceist agam i gceist Má tá nó má thagann rud éigin i gceist, baineann an rud sin le hábhar. Mar shampla, má tá coinníollacha áirithe i gceist i gcás éigin, sin iad na coinníollacha atá i bhfeidhm sa chás sin. tá taisteal i gceist leis an bpost níl sé sin i gceist sa chás seo ní thiocfaidh sé sin i gceist gan cheist Má dhéanann tú rud éigin gan cheist, nó má ghlacann tú le rud éigin gan cheist, ní bhíonn drogall ort é a dhéanamh nó ní bhíonn aon amhras ort faoi. ghlac siad leis an treoir gan cheist rinne siad an méid a iarradh orthu gan cheist Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...