Focail chosúla :

ceangal

 cmu
verbal nounainm briathartha 1. ceangal is the verbal noun for every sense of the verb Is é ceangal an t-ainm briathartha le haghaidh gach brí den bhriathar ceangail. masculine noun, 1st declensionainmfhocal firinscneach, 1ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. ceangail; nom.pl. ; a.i. ceangail; gen.pl. ; g.i. ceangal) 2. Rud éigin a nascann nó a fheistíonn rudaí dá chéile, nó a choinníonn le chéile iad, msh slabhra, rópa, srl. Mar shampla, nuair a chuireann tú ceangal ar rud éigin, is minic a fháisceann tú rópa nó a leithéid air, nó a chuireann tú snaidhm ann. ceangal a chur ar rud ceangal a scaoileadh an ceangal a bhaint de rud éigin 3. An gníomh nó próiseas a bhaineann le rud éigin a nascadh nó a fheistiú de rud eile táille cheangail 4. An bhaint nó caidreamh atá ag rudaí, daoine, grúpaí, srl, lena chéile an ceangal idir bochtaineacht agus drochshláinte 5. An cion nó mothú láidir cairdis a bhíonn ort i leith duine eile, go háirithe duine a bhfuil tuairimí agus taithí i bpáirt agat leo ceangal mothúchánach ceangal cairdis ceangal an phósta 6. formalfoirmeálta ++ lawdlíDualgas rud éigin a dhéanamh tá ceangal ort é a dhéanamh / tá sé de cheangal ort é a dhéanamh ceangal a chur ar dhuine rud a dhéanamh ceangal dlíthiúil 7. policepóilíneacht, agriculturetalmhaíochtRud a chuireann srian ar dhuine nó ar ainmhí chun nach féidir leo bogadh nó chun iad a choinneáil i mbraighdeanas, msh glais agus geimhle a chuirtear ar lámha agus ar chosa príosúnaigh d'éalaigh sé ón gceangal a bhí air duine a chur i gceangal ceangal a chur ar chosa capaill 8. publishingfoilsitheoireachtIs ionann ceangal leabhair agus clúdach an leabhair sin, is é sin an rud a choinníonn leathanaigh an leabhair le chéile. ceangal a chur ar leabhar 9. musicceolSa cheol, líne chuartha ar bhileog cheoil a nascann dhá nóta nó tuilleadh le chéile, rud a thugann le fios gur chóir na nótaí a sheinm nó a chanadh gan stad. Is é an tsiombail a thugann an ceangal le fios ar bhileog cheoil. 10. An áit a bhfuil dhá rud nasctha nó feistithe dá chéile 11. transportiomparModh iompair in aerfort, stáisiún bus nó stáisiún traenach ina dtuirlingíonn tú d'eitleán, bus nó traein agus ina dtéann tú ar bord eitleáin, bus nó traein eile chun coinneáil ort ar do thuras. PhrasesNathanna le ceangal informalneamhfhoirmeáltaMá deir tú go bhfuil duine le ceangal, tá tú ag rá go bhfuil an-fhearg go deo orthu, go minic fearg chomh mór sin gur doiligh guaim a choinneáil uirthi. tá sí le ceangal bhí mé réidh le ceangal
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...