Focail chosúla :

caill

 cmu
verbbriathar (pr. láith. cailleann; fut. ; fáist. caillfidh; past ; caite chaill; cond. ; coinn. chaillfeadh; vb.n. ; ainm br. cailleadh) 1. Má chailleann tú rud éigin, níl a fhios agat a thuilleadh cá bhfuil sé, msh mar go bhfuil dearmad déanta agat cár chuir tú é.transitiveaistreach chaill sí a cóta cailleadh an long gan tásc ná tuairisc 2. gamescluichí, politicspolaitíocht, etcsrlMá chailleann tú comórtas, troid, argóint, srl, ní agatsa a bhíonn an bua.transitiveaistreach chaill siad an cluiche le dhá phointe caitheamh na pingine a chailleadh chaill sé an cásintransitiveneamhaistreach chaill Éire a dó a náid chaill Ciarraí i gcoinne Chorcaí cheap siad go raibh cás láidir acu ach chaill siad 3. Má chailleann tú stádas, mar shampla, nó creideamh, cumas, céadfa, srl, bhí sé agat agus níl sé agat níos mó.transitiveaistreach chaill sé a phost chaill sé cairde dá bharr seo chaill sí radharc na súl chaill sé lúth na gcos sa timpiste chaill sí smacht ar an rothar níl d'acmhainn grinn caillte agat / níor chaill tú an greann 4. Má chailleann tú éarlais, mar shampla, ní fhaigheann tú an éarlais sin ar ais, msh mar gur sháraigh tú conradh.transitiveaistreach chaill sí an éarlais 5. Má chailleann tú rud éigin atá le tarlú, ní bhíonn tú i láthair nuair a tharlaíonn sé.transitiveaistreach chaill mé an cruinniú sin níor chaill tú mórán / is beag a chaill tú níl a fhios aige céard atá sé a chailleadh / ní fheadair sé cad atá á chailleadh aige ní chaillfinn é ar ór ná ar airgead 6. Má chailleann tú rud éigin, ní bhíonn tú in am dó, msh an traein a raibh tú le taisteal uirthi, tús ócáide, srl.transitiveaistreach cuireadh moill orm agus chaill mé an bus níor chailleamar spriocdháta riamh is fuath liom tús scannáin a chailleadh 7. Má chailleann clog nó uaireadóir am, oibríonn siad rómhall agus taispeánann siad am atá níos luaithe ná an t-am ceart.transitiveaistreach cailleann an t-uaireadóir seo dhá nóiméad sa lá 8. Má chailleann tú am, cuireann rud éigin moill ort agus ní dhéanann tú an méid dul chun cinn a bhí beartaithe.transitiveaistreach táimid tar éis go leor ama a chailleadh chailleamar lá oibre mar gheall ar an aimsir feminine noun, 2nd declensionainmfhocal baininscneach, 2ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. caille; nom.pl. ; a.i. cailleanna; gen.pl. ; g.i. cailleanna) 9. Má deir tú gur mór an chaill é imeacht duine nó rud éigin, msh bás duine nó scrios ruda, tá tú ag rá gur mór an míbhuntáiste, díobháil nó údar bróin é go bhfuil siad imithe. ba mhór an chaill é scrios an fhoirgnimh
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...