cúis
cmu (gen.sg. g.u. cúise; nom.pl. ; a.i. cúiseanna; gen.pl. ; g.i. cúiseanna) 1. Is ionann an chúis atá le rud, go háirithe rud éigin míthaitneamhach, agus an fáth ar tharla sé nó an rud a chur tús leis. sin é an chúis a bhí leis / b'in é ba chúis leis ól is cúis le go leor timpistí bhí siad ar fad ann ar an gcúis chéanna cúis a bheith agat le rud d'imigh sé gan aon chúis a thabhairt is cúis bhróid dúinn go bhfuil tú anseo inniu is cúis imní é go bhfuil na costais ag méadú 2. Is ionann an chúis atá agat rud éigin a dhéanamh agus an fáth a bhfuil tú á dhéanamh. eisean an t-aon duine amháin a bhfuil cúis aige lena scríobh 3. lawdlíSa dlí, is ionann cúis agus triail nó fiosrúchán dlí eile. cúis shibhialta 4. policepóilíneacht, lawdlíMá chuirtear cúis in aghaidh duine, cuirtear ina leith go foirmeálta go bhfuil coir déanta acu. gearradh deich mbliana príosúin uirthi ar chúis dúnmharaithe scaoil siad é gan aon chúis a chur ina aghaidh 5. Rud ar nós aidhme nó prionsabail, a bhfuil daoine ag tacú leis nó ag troid ar a shon níl deireadh leis an gcúis is ar mhaithe le cúis mhaith atá sé thug sé a shaol ar son na cúise Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...