Focail chosúla :
••••

cóirigh

  cmu
verbbriathar (pr. láith. cóiríonn; fut. ; fáist. cóireoidh; past ; caite chóirigh; cond. ; coinn. chóireodh; vb.n. ; ainm br. cóiriú) 1. medicineleigheasMá chóiríonn tú cneá, glanann tú í agus cuireann tú bindealán uirthi.transitiveaistreach chóirigh sí an chneá 2. Má chóiríonn tú thú féin, cuireann tú éadaí deasa ort féin nó cuireann tú cuma mhaith shlachtmhar ort féin.transitiveaistreach do chuid gruaige a chóiriú bhí sé á chóiriú féin 3. Má chóiríonn tú do leaba, cuireann tú caoi ar an éadach leapa.transitiveaistreach ná déan dearmad do leaba a chóiriú! 4. Má chóiríonn tú seanfhoirgneamh, maisíonn tú agus deisíonn tú é chun go mbeidh cuma agus bail níos fearr air.transitiveaistreach teach a chóiriú 5. musicceolMá chóirítear píosa ceoil, athraítear nó leasaítear é chun é a chur in oiriúint d'uirlisí nó do ghlór ar leith, nó le haghaidh taibhiú ar leith.transitiveaistreach Ó Riada a chóirigh an ceol 6. Má chóiríonn tú rud a ndearnadh damáiste dó nó rud nach bhfuil ag feidhmiú i gceart, deisíonn tú an rud sin.transitiveaistreach 7. clothingéadaí, furnituretroscánMá chóirítear rud ar nós ball éadaigh le hábhar nó le dearadh ar leith, cuirtear an t‑ábhar nó an dearadh sin ar an mball éadaigh mar mhaisiúchán, feadh imill an ruda de ghnáth.transitiveaistreach 8. religionreiligiúnNuair a chóirítear corp duine marbh, ullmhaítear é don tórramh, adhlacadh nó créamadh.transitiveaistreach corp a chóiriú 9. commercetráchtáilMá chóirítear seomra nó fuinneog siopa, mar shampla, maisítear iad ar bhealach ar leith chun cuma níos mealltaí a chur orthu.transitiveaistreach bhí fuinneoga na siopaí cóirithe i gcomhair na Nollag
Loading phrases and examples...