Focail chosúla :

céim

 cmu
feminine noun, 2nd declensionainmfhocal baininscneach, 2ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. céime; nom.pl. ; a.i. céimeanna; gen.pl. ; g.i. céimeanna) 1. Má thugann tú céim, ardaíonn tú do chos ón talamh agus cuireann tú síos in áit eile í, msh nuair a bhíonn tú ag siúl nó chun bogadh áit éigin. céim a thabhairt céim i leataobh thug sé céim ar gcúl siúl céim ar chéim le duine bhí sé cúpla céim chun tosaigh orthu 2. An fhuaim a dhéanann duine agus iad ag siúl, gach uair a leagann siad a gcosa ar an talamh chuala sé céimeanna ar an staighre 3. Is ionann céimeanna agus sraith de dhromchlaí réidhe cothroma a théann suas nó síos ceann i ndiaidh a chéile. Cuireann tú do chosa ar na céimeanna chun gur féidir leat siúl suas chuig leibhéal níos airde nó siúl síos chuig leibhéal níos ísle. Mar shampla, bíonn céimeanna ar staighre agus ar dhréimire. céim dréimire ar an gcéim ag an mbarr tá céim suas ann chuig an seomra suí seachain an chéim 4. educationoideachasAn cháilíocht a fhaigheann duine nuair a éiríonn leo i gcúrsa staidéir ar an ollscoil nó ar an gcoláiste tá céim san fhisic aige bhain sí céim amach i gCorcaigh bronnadh céim mháistreachta uirthi céim onóracha genitive singular as a modifierginideach uatha mar cháilitheoircéime cúrsa céime 5. unit of measurementaonad tomhais, meteorologymeitéareolaíochtAonad chun teochtaí a thomhas. Is minic a úsáidtear an tsiombail ° chun céim a thabhairt le fios. Mar shampla, is ionann 23° agus teocht trí chéim is fiche. 30 céim Celsius bhí sé cúpla céim faoi bhun an reophointe bhí a teocht os cionn 100 céim 6. unit of measurementaonad tomhais, mathematicsmatamaiticAonad chun uillinneacha a thomhas. Is minic a úsáidtear an tsiombail ° chun céim a thabhairt le fios. Mar shampla, is ionann 23° agus uillinn trí chéim is fiche. cas an triantán 90 céim casadh 180 céim uillinn 45 céim 7. unit of measurementaonad tomhais, mathematicsmatamaiticAonad chun domhanfhad agus domhanleithead a thomhas. Is minic a úsáidtear an tsiombail ° chun céim a thabhairt le fios. Mar shampla, is ionann 23° agus trí chéim is fiche. 40 céim siar ó Shligeach 8. Aon ghníomh amháin i sraith gníomhartha a dhéanann tú chun rud éigin a bhaint amach is é an chéad chéim atá le tabhairt ... 9. Is ionann céim i bpróiseas nó i dtréimhse agus aon chuid amháin díobh. próiseas trí chéim tá dhá chéim san obair tá an chéad chéim curtha i gcrích acu 10. ++ sportspórt, tourismturasóireacht, transportiomparIs ionann céim de thuras fada nó de rás agus cuid amháin díobh, de ghnáth áit nó tréimhse a stopann tú idir pointe amháin agus pointe eile den turas nó rás féin. an chéad chéim den rás céim deiridh an turais 11. sociologysocheolaíochtIs ionann an chéim atá ag duine agus an aicme shóisialta a mbaineann siad léi, nó an stádas atá acu sa tsochaí. céim íseal shóisialta tá céim ard sa tsochaí aici tá siad ar aon chéim lena chéile / tá siad ar chomhchéim lena chéile 12. employmentfostaíocht ++ militarymíleata, policepóilíneacht, governmentrialtasIn eagraíocht, go háirithe eagraíocht mhíleata, phóilíneachta nó rialtais, is ionann an chéim atá ag duine agus an grád nó an stádas atá acu in ordlathas na heagraíochta féin. céim cigire tá sí dhá chéim níos airde ná mé sa státseirbhís tugadh ardú céime di / fuair sí ardú céime ísliú céime 13. Struchtúr a ligeann do dhaoine dreapadh thar chlaí nó thar bhalla ach nach ligfidh d'ainmhithe dul tharstu
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...