Focail chosúla :
••••

cáiréiseach

  cmu
adjective, 1st declensionaidiacht, 1ú díochlaonadh (nom.m. a.f. cáiréiseach; nom.f. ; a.b. cháiréiseach; gen.m. ; g.f. cháiréisigh; gen.f. ; g.b. cáiréisí; nom.pl. ; a.i. cáiréiseacha/cháiréiseacha; gen.pl. ; g.i. cáiréiseacha/cáiréiseach; comp./super. ; breis/sár cáiréisí) 1. Má tá duine cáiréiseach, tugann siad an‑aird ar na rudaí a dhéanann agus a deir siad, agus bíonn siad an‑fhaichilleach leo, chun nach ndéanfaidh siad aon dochar ná aon bhotún. bheith cáiréiseach le rud cur chuige cáiréiseach a ghlac sí 2. Má deir tú go bhfuil duine, nó rud a deir siad cáiréiseach, tá tú ag moladh an duine sin mar go mbíonn siad an‑fhaichilleach agus an‑tomhaiste chun nach gcuirfidís as do dhaoine eile, go háirithe agus iad ag caint. in adverbial phrasei bhfrása dobhriatharthago cáiréiseach labhairt go cáiréiseach faoi rud éigin 3. Is ionann ceist cháiréiseach agus ceist nach mór plé léi go han‑chúramach, mar gur dócha go gcuirfidh sí as do dhaoine nó go dtarraingeoidh sí conspóid nó trioblóid. tá ceist cháiréiseach le plé againn 4. Má deir tú go bhfuil duine cáiréiseach, tá tú ag rá go ndéanann siad rudaí go han‑chúramach agus go dtugann siad an‑aird ar na mionsonraí. obair cháiréiseach scoláire cáiréiseach 5. Má bhíonn duine cáiréiseach, bíonn an‑aird acu ar mhionsonraí, go minic cinn nach bhfuil tábhachtach, bíonn riachtanais an‑sainiúil acu agus is doiligh iad a shásamh dá bharr sin. tá sí an‑cháiréiseach faoina bhfuil uaithi bheith cáiréiseach ar bhia
Loading phrases and examples...