Focail chosúla :

breac

 cmu
verbbriathar (pr. láith. breacann; fut. ; fáist. breacfaidh; past ; caite bhreac; cond. ; coinn. bhreacfadh; vb.n. ; ainm br. breacadh) 1. Má bhreacann tú rud éigin gairid, msh seoladh duine, scríobhann tú é chun go gcuimhneoidh tú air.transitiveaistreach bhreac sé cúpla nóta bhreac sí go tapa é 2. mathematicsmatamaiticNuair a bhreacann duine rud éigin ar ghraf, marcálann siad pointí áirithe ar an ngraf agus ansin nascann siad na pointí le chéile.transitiveaistreach cuar a bhreacadh 3. Nuair a bhreactar áit le rudaí, scaiptear nó leatar na rudaí sin ar fud na háite sin.transitiveaistreach bhí an spéir breactha le réaltaí adjective, 1st declensionaidiacht, 1ú díochlaonadh (nom.m. a.f. breac; nom.f. ; a.b. bhreac; gen.m. ; g.f. bhric; gen.f. ; g.b. brice; nom.pl. ; a.i. breaca/bhreaca; gen.pl. ; g.i. breaca/breac; comp./super. ; breis/sár brice) 4. Má tá rud éigin breac, msh ainmhí, fabraic nó maisiúchán, tá patrún spotaí air. bó bhreac masculine noun, 1st declensionainmfhocal firinscneach, 1ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. bric; nom.pl. ; a.i. bric; gen.pl. ; g.i. breac) 5. zoologyzó-eolaíochtIasc measartha mór a mbíonn dathanna éagsúla air, a mhaireann in aibhneacha agus i srutháin den chuid is mó breac donn breac geal 6. cookingcócaireacht, foodbiaIasc measartha mór a mbíonn dathanna éagsúla air, a mhaireann in aibhneacha agus i srutháin agus a itear mar bhia breac bácáilte SubformsSainfhoirmeacha → breac- Phrasal VerbsBriathra Frásacha→ breac síos PhrasesNathanna breac le Má tá rud éigin breac le rud ar leith, tá a lán den dara rud sa chéad rud. tá an aiste breac le botúin
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...