Focail chosúla :
••••

breá

  cmu
adjective, 3rd declensionaidiacht, 3ú díochlaonadh (nom.m. a.f. breá; nom.f. ; a.b. bhreá; gen.m. ; g.f. bhreá; gen.f. ; g.b. breátha; nom.pl. ; a.i. breátha/bhreátha; gen.pl. ; g.i. breátha/breá; comp./super. ; breis/sár breátha) 1. Is ionann rud breá agus rud atá taitneamhach, pléisiúrtha nó a bhfuil sásamh le baint as. bhí oíche bhreá againn seachtain bhreá a chaith muid ar saoire bhí siúlóid bhreá againn tríd an gcoill bia breá 2. Is ionann duine breá agus duine a bhíonn cairdiúil, cineálta agus pléisiúrtha i gcoitinne. Is ionann tréith bhreá, msh dóigh, caoi, nádúr, srl, agus tréith a bhfuil cairdiúlacht agus cineáltas le haithint uirthi. buachaill breá is ea é tá sí an‑bhreá ina dóigheanna / tá dóigheanna breátha aici is breá an comhluadar iad tá nádúr breá aige pearsantacht bhreá 3. meteorologymeitéareolaíochtNuair a bhíonn aimsir bhreá nó lá breá ann, bíonn sé socair, bíonn an ghrian ag taitneamh agus ní bhíonn sé ag cur báistí. aimsir bhreá maidin bhreá a bhí ann / ba bhreá an mhaidin í lá breá samhraidh dálaí breátha aimsire 4. Is ionann suim, líon, méid, srl, breá agus cinn atá sách mór, go minic sa chaoi is go bhfuil siad flaithiúil agus an‑sásúil dá bharr sin. Mar shampla, is ionann suim bhreá airgid agus suim mhór airgid. suim bhreá airgid tá tuarastal breá á thuilleamh aici fuair sé réimse breá talún le hoidhreacht fómhar breá prátaí a bhaineamar i mbliana slis bhreá feola a thug an búistéir dom 5. Atá an‑mhaith, ar fheabhas, ar ardchaighdeán, srl, nó atá le moladh. Mar shampla, má deir tú go bhfuil obair bhreá déanta ag duine nó gur ceoltóir breá is ea iad, tá tú ag moladh an duine sin agus ag rá go bhfuil obair chumasach déanta acu nó gur ceoltóir cumasach is ea iad. ceoltóir breá obair bhreá thug sí caint bhreá uaithi cultacha an‑bhreá a dhéanann an táilliúir sin is breá an t‑amhránaí é tá feiceáil bhreá againn ar an bhfarraige 6. A bhfuil sé taitneamhach nó pléisiúrtha breathnú air. Mar shampla, is ionann duine breá agus duine a bhfuil sé taitneamhach nó pléisiúrtha breathnú orthu, nó duine a bhfuil aghaidh mar sin acu, sa chaoi is go bhfuil an duine sin tarraingteach. bean bhreá fear breá tá cuma bhreá ar an teach in adverbial phrasei bhfrása dobhriatharthago breá bheith ag breathnú go breá 7. Atá an‑dearfach, an‑mhaith nó sásúil, go minic sa chaoi is go bhfuil dea‑thoradh i gceist. is breá an saol atá acu / tá saol breá acu is breá a bheith neamhspleách / is breá an rud é a bheith neamhspleách is breá mar a réitíonn sí lena máthair is breá an sampla atá tú a thabhairt do do mhac in adverbial phrasei bhfrása dobhriatharthago breá tá cúrsaí ag gabháil go breá d'éirigh go breá leat thiontaigh an lá amach go breá sa deireadh 8. health & fitnesssláinte agus folláineAtá ar fónamh agus nach bhfuil tinn, atá i ndea‑riocht nó a thugann a leithéid le fios. Mar shampla, má deir tú gur breá an chaoi atá ar dhuine, tá tú ag rá go bhfuil go bhfuil caoi mhaith ar an duine sin agus go bhfuil an tsláinte go maith acu. is breá an bhail atá ort in adverbial phrasei bhfrása dobhriatharthago breá bhí mé go breá inné níl mé ag aireachtáil go breá inniu 9. Atá sásúil nó maith go leor, nó ar féidir glacadh leis. Mar shampla, má deir tú gur réiteach breá ar cheist is ea rud éigin, nó gur breá an réiteach é, tá tú ag rá go bhfuil an réiteach sin sásúil nó maith go leor, sa chaoi is go bhfuil tú sásta glacadh leis. is réiteach breá é sin / is breá an réiteach é sin in adverbial phrasei bhfrása dobhriatharthago breá tá an socrú sin go breá adverbdobhriathar 10. Is féidir breá a úsáid le treise a chur le haidiacht nó le dobhriathar. Mar shampla, is ionann buachaill breá mór nó áit atá achar breá fada uait agus buachaill atá mór go maith agus áit atá fada go maith uait. bean breá cumasach teach breá mór tá sé achar breá fada uainn breá simplí bheith breá sásta in adverbial phrasei bhfrása dobhriatharthago breá anois, ísligh go breá bog é shiúil sé go breá mall chuig an siopa glac go breá réidh é PhrasesNathanna bheith go breá Má tá tú go breá, tá tú réasúnta sásta agus níl aon rud ag déanamh imní duit. is breá liom ... Nuair is breá leat rud éigin nó rud éigin a dhéanamh, taitníonn sé go mór leat, baineann tú an‑taitneamh as, tugann sé an‑taitneamh duit, cuireann sé sásamh, sonas, pléisiúr, srl, ort. is breá liom cispheil is breá leis ceol a sheinm is breá liom a bheith ag taisteal / is breá liom an taisteal ba bhreá liom ... Nuair ba bhreá leat rud éigin nó rud éigin a dhéanamh, bheifeá an‑sásta an rud sin a dhéanamh nó a bheith agat. ba bhreá liom a bheith ann ba bhreá léi casadh leo ba bhreá linn teacht chuig an gcóisir a leithéid de scannán, ba bhreá léi é! tá go breá Is féidir leat tá go breá a rá, go minic agus tú ag tabhairt freagra ar ráiteas, moladh, srl, lena thabhairt le tuiscint go n‑aontaíonn, go dtoilíonn nó go nglacann tú le rud éigin, nó nach bhfuil tú ina choinne. tá go breá, ach ... used ironicallyúsáid íoróntaIs féidir tá go breá, ach ... a rá le bheith íorónta agus lena thabhairt le tuiscint nach bhfuil tú sásta nó nach n‑aontaíonn tú le rud éigin, msh ráiteas nó moladh, nó go gceapann tú go bhfuil lochtanna air, cé go bhféadfadh sé go bhfuil cuma cheart nó réasúnta air. tá go breá, ach is gá cúpla rud eile a chur san áireamh freisin
Loading phrases and examples...