Focail chosúla :

bláth

 cmu
masculine noun, 3rd declensionainmfhocal firinscneach, 3ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. blátha; nom.pl. ; a.i. bláthanna; gen.pl. ; g.i. bláthanna) 1. botanyluibheolaíocht, horticulturegairneoireachtAn chuid de phlanda a bhíonn geal daite de ghnáth, a mbíonn peitil uirthi, a mbíonn síol inti, a fhásann ar cheann gais agus nach maireann ach tamall gearr. bláthanna a bhaint bláthanna fiáine genitive plural as a modifierginideach iolra mar cháilitheoirbláthanna cóiriú bláthanna 2. botanyluibheolaíochtAr chrann torthaí, fásann bláth ar na géaga, san earrach de ghnáth, agus is as an mbláth sin a thagann na torthaí san fhómhar. bláth an chrainn silíní bláth na n-úll PhrasesNathanna faoi bhláth 1. botanyluibheolaíochtMá tá planda nó crann faoi bhláth, tá cuid den phlanda nó den chrann geal daite de ghnáth agus peitil ag fás ar an gcuid sin díobh. crann faoi bhláth 2. Má tá daoine, gnólachtaí nó gníomhaíochtaí faoi bhláth, tá ag éirí go maith leo. bhí an fheirmeoireacht faoi bhláth an tráth sin i mbláth 1. botanyluibheolaíocht, horticulturegairneoireachtMá tá planda nó crann i mbláth, tá cuid den phlanda nó den chrann geal daite de ghnáth agus peitil atá ar tí oscailt ag fás ar an gcuid sin díobh. tháinig an crann i mbláth 2. Má thagann duine i mbláth, tagann forbairt dhearfach orthu nó tagann siad in inmhe sa chaoi go bhfuil dea-thréithe acu a dhéanfaidh a leas. bhí mé i mbláth mo mhaitheasa ag an am sin
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...