Focail chosúla :
••••

bith

PhrasesNathanna ar bith 1. Úsáidtear ar bith i ndiaidh ainmfhocail i ráitis dhiúltacha chun a chur in iúl go bhfuil an diúltú iomlán. Mar shampla, má deir tú 'níl bia ar bith fágtha', tá tú ag rá nach bhfuil bia dá laghad fágtha, cuma cén cineál. níl bia ar bith fágtha dhiúltaigh sí glacadh le cabhair ar bith ní dhéanfaidh sé difear ar bith ná blocáil in am ar bith! 2. Úsáidtear ar bith i ndiaidh ainmfhocail i ráitis dheimhneacha chun a chur in iúl gur cuma cén cineál nó cén sampla go díreach den rud a luaitear leis an ainmfhocal a bheadh ann. déanfaidh cathaoir ar bith mé thiocfadh le hamadán ar bith é a dhéanamh 3. Úsáidtear ar bith i ndiaidh ainmfhocail i gceisteanna chun a chur in iúl go bhfuil an cheist oscailte maidir leis an rud a luaitear leis an ainmfhocal. an bhfuil dátaí ar bith eile acu? ceann ar bith 1. Deirtear ceann ar bith i gceisteanna faoi rudaí chun a chur in iúl go bhfuil an cheist oscailte maidir leis na rudaí a luaitear, is é sin le rá gur cuma cén ceann nó cé mhéad go díreach de na rudaí sin a bheadh ann. an bhfuil ceann ar bith de na huibheacha briste? 2. Deirtear ceann ar bith i ráitis dheimhneacha faoi rud nó faoi rudaí chun a chur in iúl gur cuma cén cineál den rud sin nó cén ceann de na rudaí sin a bheadh ann. tóg ceann ar bith acu úsáid scuab, déanfaidh ceann ar bith cúis 3. Deirtear ceann ar bith mar fhreagra agus i ráitis dhiúltacha faoi rudaí chun diúltú iomlán a chur in iúl. 'Aon teachtaireachtaí?' 'Ceann ar bith.' níl ceann ar bith fágtha anois duine ar bith 1. Deirtear duine ar bith i gceisteanna faoi dhaoine chun a chur in iúl go bhfuil an cheist oscailte maidir leis na daoine a luaitear, is é sin le rá gur cuma cén duine nó cé mhéad duine go díreach. an bhfuil duine ar bith críochnaithe? an gceolann duine ar bith acu? 2. Deirtear duine ar bith mar fhreagra agus i ráitis dheimhneacha faoi dhaoine chun a chur in iúl gur cuma cén sórt duine nó cén duine go díreach. d'fhéadfadh duine ar bith é a dhéanamh 'Cé a mbeadh cead acu é a úsáid?' 'Duine ar bith' 3. Deirtear duine ar bith mar fhreagra agus i ráitis dhiúltacha faoi dhaoine chun diúltú iomlán a chur in iúl. 'An raibh aon duine ann?' 'Duine ar bith' 'Cá mhéad acu a d'fhill?' 'Duine ar bith.' níl a fhios ag duine ar bith céard a tharla
Loading phrases and examples...