bhur
cmu Usage NoteNóta Úsáide Úsáideann tú bhur chun a léiriú gur leis na daoine a bhfuil tú ag caint leo nó ag scríobh chucu an rud atá i gceist, nó go mbaineann an duine nó rud atá i gceist leosan. (A) le hainmneach ainmfhocail an raibh bhur ngutháin libh? an bhfuil bhur n-eochracha caillte agaibh? bhí bhur bhfuinneoga oscailte níor thug sibh bhur bhfreagra fós (B) nuair a bhíonn ginideach i gceist aintín bhur n-athar uncail bhur máthar cara bhur ndeartháir beag / cara bhur ndearthár bhig formalfoirmeálta pócaí bhur seaicéid bháistí / pócaí bhur seaicéad báistí formalfoirmeálta (C) le focail a mbíonn rogha ann 'cuid' a chur rompu, msh: is maith libh bhur gcuid oibre chaith sibh leath bhur gcuid airgid air ar nigh sibh uilig bhur gcuid gruaige tá bhur gcuid ama caite (D) le focail a mbíonn rogha ann 'cuid' a chur rompu, mar shampla: bhur gcairde / bhur gcuid cairde bhur ndualgais / bhur gcuid dualgas bhur laethanta saoire / bhur gcuid laethanta saoire do bhur ... verbal object, 2nd person pluralcuspóir briathartha, 2ú pearsa iolraÚsáideann tú do bhur ... roimh ainm briathartha chun a léiriú gur ar na daoine a bhfuil tú ag caint leo nó ag scríobh chucu atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm. beidh sí do bhur gceistiú tá siad do bhur gcrá nuair a bhí sibh do bhur n-oiliúint ní do bhur moladh a bhíothas, bí cinnte de sin! Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...